Mar chuid de cheiliúradh cothrom seasca bliain na Comhairle Ealaíon, bhí gliondar ar an eagraíocht fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, agus roimh a bhean chuig a hoifigí i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath. Labhair an tUachtarán leis an lucht éisteachta ina raibh ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíon, Iar-Chathaoirligh agus Iar-Stiúrthóirí na Comhairle Ealaíon. Agus í ag cur fáilte roimh an Uachtarán bhí an méid seo a leanas le rá ag an gCathaoirleach Pat Moylan: ‘le breis agus seasca bliain anuas, ón uair a bunaíodh í, tá an Chomhairle Ealaíon tar éis maoirsiú rathúil a dhéanamh ar fhorbairt na n-ealaíon i rith tréimhsí ina raibh athruithe suntasacha sóisialta agus geilleagracha ag tarlú. Mothaím inniu níos mó ná riamh, tionchar na staire agus croí agus anam na cruthaitheachta in Éirinn sna seomraí seo. Le seasca bliain anuas, níl aon laghdú tagtha ar iarrachtaí na Comhairle an méid is féidir a bhaint amach d’ealaíontóirí agus do mhuintir na hÉireann agus féiníomhá agus clú na tíre thar lear a fheabhsú’.
Tá físeán gearr faoi chuairt an Uachtaráin ar an gComhairle Ealaíon le feiceáil ar ár suíomh Gréasáin.
Tá roinnt meabhrúchán againn maidir le spriocdhátaí le haghaidh Dámhachtainí. Is é an 15 Márta an spriocdháta i gcomhair na Dámhachtana Coimisiún sa Cheol, a thugann tacaíocht do choimisiúin d’ealaíontóirí i réimse an Cheoil. Is é an 29 Márta an spriocdháta i gcomhair Dámhachtainí Tionscadal sna foirmeacha ealaíne go léir a thosóidh in 2012; agus is é 5 Aibreán an dáta scoir don Dámhachtain Taifeadta Deis.
Cuirimid an Pointe Teagmhála Cultúrtha i láthair sa chuid faoi Nuacht Idirnáisiúnta. Cuireann sé sin comhairle agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil dóibh siúd ar spéis leo cur isteach ar mhaoiniú faoi Chlár Cultúir na hEorpa 2007-2013. Tá faisnéis againn freisin faoi imeacht faisnéise faoi mhaoiniú an AE a reáchtáil an Pointe Teagmhála Cultúrtha i gCorcaigh. Tá torthaí an roghnaithe a rinneadh i gcomhair Shraith 3.2 de Chlár Cultúir an AE ar fáil ar líne anois, mar aon le sonraí faoi comhdháil Eorpach maidir le forbairt lucht féachana, éisteachta agus léitheoireachta atá beartaithe d’fhómhar na bliana 2012 agus is féidir leat fáil amach freisin faoi Ardán EVE.
Le gach dea-ghuí,
Is mise le meas,
Orlaith McBride,
Stiúrthóir, An Chomhairle Ealaíon