San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh – Clár rannpháirtíochta
Féach air seo: Triail suíomh úr na n-ealaíon faoi choinne comhroinnt físeán
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon: Dámhachtain Sparánachta: Na hEalaíona Comhoibríocha agus Ailtireacht – glacadh le hiarratais.
Féadtar Cur Isteach ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2016 i Mí na Samhna
Deireadh le Glacadh na nIarratas ar an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair Nua an 3 Nollaig 2015
Fáiltíonn Ciste Gníomhaíochta Cláir 2016 do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO) roimh iarratais.
Splanc!
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Féach air seo: Triail suíomh úr na n-ealaíon faoi choinne comhroinnt físeán

Tá síormhéadú ag teacht ar líon na n-ealaíontóirí agus na n-eagraíochtaí ealaíon atá ag baint úsáide as físeáin chun a gcuid saothar a chur chun cinn, go háirithe le sceitimíní a chruthú sa tréimhse sula gcuirtear tús le léiriú, le taispeántas nó le himeacht eile.

Ón samhradh i leith, tá an Chomhairle Ealaíon ag obair leis an Institute of Local Television chun eagraíochtaí a spreagadh le cabhair a thabhairt d’eagraíochtaí le ‘réamhfhógráin’ a chur le chéile d’imeachtaí atá ag teacht aníos. Tá os cionn 100 físeán den scoth déanta acu cheana féin ina gcuirtear na healaíona chun cinn.

Lena chois sin, is iomaí ealaíontóir a chuireann a n-imeachtaí ar culturefox.ie atá ag uaslódáil nó ag nascadh le físeán dá gcuid saothar anois.

Comhroinneann na tionscnóirí na físeáin sin uile ar leathanaigh na meán sóisialta cheana féin, ach bhíomar ag iarraidh iad a chur i láthair do níos mó daoine agus, mar sin de, táimid ag tógáil shuíomh na n-ealaíon faoi choinne comhroinnt físeán mar chuid de Culturefox.

Taispeánann an suíomh físeáin ó dhá fhoinse uaidh féin – físeáin atá mar chuid de liosta reatha culturefox.ie agus aon fhíseán a rinne eagraíocht ealaíon leis an Institute of Local Television. Tá cuma den scoth air go dtí seo ar ríomhairí deisce agus ar ghléasanna soghluaiste.

Táimid á thriail ar fad ach is féidir leat breathnú ar an leagan béite ar www.culturefox.tv.

Newsletter Marketing Powered by Newsweaver