I mí na Samhna, caithfimidne sa Chomhairle Ealaíon a lán dár gcuid ama i mbun measúnú agus plé ar na hiarratais ó eagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre ar ár bpríomhchláir maoinithe: Maoiniú Bliantúil agus Deontas le haghaidh Clár Bliantúil. Tá sé beartaithe againn na cinntí a chur in iúl do na heagraíochtaí ag deireadh mhí na Samhna. Leis an bpróiseas seo is féidir linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar raon agus ar chineál na hoibre atá á moladh ag eagraíochtaí agus ealaíontóirí in 2017 agus is féidir linn scrúdú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil ár roghanna infheistíochta ailínithe lenár straitéis nua, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh anseo
Rinneadh na hiarratais sin i gcomhthéacs ár bPleananna Trí Bliana anseo faoinár straitéis nua, Plean Trí Bliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2017-2019. An mhí seo, táimid sásta ár dtiomantas don chéad cheann dár bpleananna bliantúla infheistíochta a fhoilsiú a chomhlíonadh mar chuid den straitéis sin. Leagtar amach sa phlean seo, ar féidir léamh faoi anseo, ár gcur chuige maidir le soláthar agus pleanáil buiséid do 2017. Déantar cur síos ann ar an dóigh a gcuirfimid infheistíochtaí in ord tosaíochta sa dá mhí dhéag atá amach romhainn, agus an dóigh a gcuirfidh sé sin bonn eolais faoinár gcinntí agus faoinár leithdháiltí airgeadais. Léireofar inár bplean infheistíochta agus inár dtuarascáil bhliantúil araon, a fhoilsítear ag tús agus ag deireadh an phróisis bhliantúil buiséadaithe, an chaoi a bhfuil ár gcinntí agus ár leithdháiltí airgeadais comhsheasmhach lenár gcuspóirí straitéiseacha agus le mionsonraí ár bplean trí bliana.
Ar deireadh, seo dáta do do dhialann: beidh comhdháil ar a dtugtar Tá Tábhacht le hÁiteanna á comhóstáil againn lenár gcomhpháirtí sa Rialtas Áitiúil mar chuid den Chreatlach don Chomhoibriú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 12 Eanáir 2017. Comhdháil is ea Tá Tábhacht le hÁiteanna ina gcuirtear – agus ina dtugtar freagra – ar an gceist seo: Cad a tharlaíonn nuair a infheistímid sna healaíona? Tabharfaidh roinnt príomh-shaineolaithe idirnáisiúnta agus Éireannacha aitheasc don chomhdháil, agus tá súil agam go mbeidh sé ina spreagadh do lucht déanta beartas, do sheirbhísigh phoiblí agus do státseirbhísigh. Beidh tuilleadh eolais againn ar ár suíomh gréasáin agus i Nuachtlitir na míosa seo chugainn.
Tá staidéar aitheanta foilsithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ‘Arts and Cultural Participation among Children and Young People – Insights from the Growing Up in Ireland study’ (Na hEalaíona agus Rannpháirtíocht Chultúrtha i measc Leanaí agus Daoine Óga – Léargais ón staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn). Déantar cur síos sa staidéar ar phatrúin rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha i measc leanaí, agus scrúdaítear raon torthaí gaolmhara don leanbh.
BREAC SÍOS AN DÁTA: Beidh comhdháil chomhpháirteach faoin téama ‘Tá Tábhacht le hÁiteanna: Cad a tharlaíonn nuair a infheistímid sna healaíona?’ á hóstáil ag an gComhairle Ealaíon agus ag an Rialtas Áitiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 12 Eanáir 2017
Oíche Fhada an Ghearrscéil ag teacht go Baile Átha Cliath an 21 Nollaig 2016. Á choimeád ag Anne Enright, beidh scríbhneoirí mar Mike McCormack, Lisa McInerney, Danielle McLaughlin agus Colm Tóibín, i láthair ar an oíche le freagairtí ceoil ó Lisa O’Neill
Tá lúcháir ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuiltear tar éis Hugh Travers a cheapadh mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) 2016–2017
Is é an 15 Nollaig an spriocdháta don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna ó Iúil go Nollaig 2017. Tá an spriocdháta don snáithe Réamhphleanála don scéim seo mar a chéile leis an spriocdháta le haghaidh turas ó Eanáir go Nollaig 2018
Is é cuspóir an Chiste Gníomhaíochta Cláir cabhrú le heagraíochtaí cleachta cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, cláir ealaíne ar ardchaighdeán de chuid leanaí agus daoine óga féin a chur ar fáil nó cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil in éineacht le leanaí agus daoine óga ach iad a bheith ag teacht le beartas agus le tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO).
Tá sé mar aidhm ag Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2016 de chuid na Comhairle Ealaíon tacú le déantóirí scannán gairmiúla aonair atá ag obair i réimse na scannánaíochta comhoibríche
Is clár forbartha amharclannaíochta 6 mhí é Belltable:Connect Theatre Makers a fhreagróidh don ghá aitheanta atá ann cruthú le treoir agus le tacaíocht ó mheantóirí, ag tabhairt ugaigh do rannpháirtithe saothair nua a fhorbairt. Éascaíonn an clár d’ealaíontóirí a sócúlacht chruthaitheach a leathnú amach agus iniúchadh a dhéanamh i dtimpeallacht shábháilte spreagthach
Mar is gnách, cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar bith maidir le maoiniú an Aontais Eorpaigh le haghaidh cúrsaí cultúir. Déan teagmháil linn ag cedculture@artscouncil.ie