Tá mórshaothar taighde coimisiúnaithe ag an gComhairle Ealaíon maidir leis an gcruit agus le cruitireacht in Éirinn agus tá an-áthas orainn cuireadh a thabhairt do gach cruitire an suirbhé ar líne a chomhlánú
Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an gcruit in Éirinn, mar shiombail náisiúnta agus mar fhuaim speisialta na tíre. Tá stair shaibhir éagsúil aici in Éirinn agus tá sí á seinm ar an oileáin ar feadh thart ar mhíle bliain.
Tá sochaí bhríomhar cruitireachta ag teacht chun cinn in Éirinn. Ba mhaith linn scrúdú a dhéanamh ar staid reatha na cruitireachta, chun cleachtas ealaíonta a leagan amach, bearnaí sa soláthar a shainaithint agus breathnú ar dheiseanna maidir le comhoibriú agus forbairt chun todhchaí na huirlise a chinntiú.
Tá cuireadh á thabhairt againn do chruitirí ó thuaidh agus ó dheas, agus de gach seánra, an suirbhé a chomhlánú agus iarraimid ar an bpobal aird cruitirí ar bith a mbeadh aithne acu orthu a tharraingt air.
Rinne an Chomhairle Toner Quinn a choimisiúnú chun an taighde a dhéanamh. Bhí Quinn ina Oifigeach Tionscadal ar an gCoiste Speisialta um na hEalaíona Traidisiúnta roimhe seo a tháirg an tuarascáil I dTreo Bheartas um na hEalaíona Traidisiúnta.
Chun an suirbhé a chomhlánú, tabhairt cuairt ar https://www.surveymonkey.com/s/harpcruit2014