D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., scéim infheistíochta caipitiúla dar luach €4.7m d’ionaid ealaíon agus chultúrtha inniu.
Reáchtálfar an scéim in 2019-2022 agus díreofar ar na hionaid ealaíon agus chultúrtha atá ann cheana féin ar fud na tíre fúithi. Cuirfear béim ar laghdú ár loirg charbóin i gcomhréir le gníomhaíocht an Rialtais maidir le hathrú aeráide.
Tógann an Scéim seo ar rath Scéime Caipitil Ealaíne agus Cultúrtha a reáchtáladh idir 2016 agus 2018 agus faoina fuair 134 eagraíocht i 26 contae maoiniú chun a n-áiseanna ealaíon agus cultúrtha a athchóiriú agus a fheabhsú.
Áirítear na hionaid seo a leanas i measc na n-ionad a bhain tairbhe as an scéim; Amharclann Cathrach na Gaillimhe, An Taibhdhearc agus Glenamaddy Arts & Historical Co-operative Society, Ionad Ealaíon agus Cultúrtha na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh, Dún na nGall, Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn, The National Maritime Museum of Ireland, Dún Laoghaire agus The Graphic Studio Dublin atá ina stiúideo mínealaíon priontála in Éirinn.
Dúirt Robert Russell, Stiúrthóir The Graphic Studio i mBaile Átha Cliath an méid seo a leanas:
“Bhíomar in ann áiseanna priontála scáileáin gairmiúla a chur ar fáil do raon úsáideoirí stiúideo níos leithne, ár bhfor-rochtain phoiblí agus ár gcláis oideachais a leathnú agus baill nua a mhealladh chuig an stiúideo, go háirithe ealaíontóirí a mbronnadh céim orthu le déanaí, mar thoradh ar an maoiniú a fuaireamar.”
Glacfar le hiarratais don scéim nua ó Dé hAoine an 25 Deireadh Fómhair go dtí an 7 Eanáir 2020.
Tá an maoiniú seo mar chuid de thiomantas na Roinne chun €40m d'infheistíocht chaipitiúil a chaitheamh ar bhonneagar áitiúil do na healaíona agus don chultúr ar fud na tíre, faoi mar a leagtar amach sa phlean Tionscadal Éireann 2040 “Ag Infheistiú inár gCultúr, ár dTeanga & ár nOidhreacht 2018 – 2027.
Fáilteofar roimh iarratais faoi thrí Shruth aonair mar a leagtar amach iad thíos.
* I Sruth A tairgfear deontais suas le €50,000 le haghaidh tionscadail bheaga feabhsúcháin/leathnaithe/athchóirithe a bhféadfadh oibreacha tógála ar shaoráidí ealaíon agus cultúir agus/nó uasghrádú trealaimh a bheith i gceist leo.
* I Sruth B tairgfear deontais ó €50,000 go €300,000 le tionscadail feabhsúcháin/leathnaithe /athchóirithe níos mó a mbaineann oibreacha tógála ar shaoráidí ealaíon agus cultúir leo.
* Scéim ar leithligh a bheidh i gceist le Sruth C agus í dírithe ar spásanna oibre amharc-ealaíontóirí a uasghrádú. Eiseofar glao ar leith ar son iarratas don Sruth seo.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Madigan “Tógann an Scéim seo ar rath Scéime Caipitil Ealaíne agus Cultúrtha a reáchtáladh idir 2016 agus 2018. Ag teacht le gníomhaíocht an Rialtais ar athrú aeráide, cuirfear tús áite sa scéim seo do thionscadail a laghdaíonn lorg carbóin na heagraíochta agus a mbeidh tionchar fíorúil agus dearfach acu ar an timpeallacht. Cuirfear béim ar leith ar thionscadail a chuireann le cumas breise d’ealaíontóirí agus táirgeadh ealaíne, go háirithe in ionaid ealaíon, chomh maith.”
Beidh tuilleadh faisnéise maidir le Sruth A & B Scéim Chaipitil Chultúrtha 2019 – 2022 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag https://www.chg.gov.ie/ga/arts/creative-arts/grants-and-funding/ ó Dé hAoine, an 25 Deireadh Fómhair 2019 ar aghaidh.