San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Sealbhuithe nua na Comhairle Ealaíon – 2021
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh & i bhFómhar 2021
Treoirlínte COVID-19 le haghaidh Cur i láthair Sábháilte Féilte agus Imeachtaí Beo.
Forbairt Bheartas nua na Comhairle Ealaíon maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Uirlisí Digiteacha do na hEalaíona
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon
Clinicí Amharclannaíochta atá le Teacht
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2022
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2022
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Nuacht ón bPobal
Breac síos an Dáta!
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021

Is é cuspóir na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán – e.g. taispeántais, imeachtaí, féilte agus cláir. Tá sé mar aidhm shonrach aici cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi. Tá dhá shraith sa scéim seo:  Snáithe 1 – Forbairt agus taighde ar smaointe; Snáithe 2 – Réadú agus seachadadh tionscadail.

Caithfear iarratais ar Rannpháirtíocht san Ailtireacht a dhéanamh go díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021. Foilseofar treoirlínte agus sonraí iomlána an phróisis iarratais sa rannán ar ár suíomh gréasáin dar teideal maoiniú atá ar fáil i mí Iúil 2021.  Tabhair faoi deara:  Ní ghlacfar le hiarratais ach ar an suíomh gréasáin seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Moltar d’iarratasóirí nua cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.