San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Sealbhuithe nua na Comhairle Ealaíon – 2021
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh & i bhFómhar 2021
Treoirlínte COVID-19 le haghaidh Cur i láthair Sábháilte Féilte agus Imeachtaí Beo.
Forbairt Bheartas nua na Comhairle Ealaíon maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Uirlisí Digiteacha do na hEalaíona
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon
Clinicí Amharclannaíochta atá le Teacht
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2022
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2022
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Nuacht ón bPobal
Breac síos an Dáta!
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne

Spriocdháta: Déardaoin, an 12 Lúnasa 2021

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 13 Iúil 2021 ar aghaidh.

Tá an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne ar fáil i ngach foirm ealaíne agus réimse cleachtais ealaíon a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo.

 

Cuspóir na Scéime seo

I bhfianaise thosca uathúla Covid-19, forbraíodh an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne chun tacú le heagraíochtaí ealaíon tacaíocht, scileanna agus saineolas a fháil chun a samhlacha ealaíne agus/nó gnó a athbhreithniú agus a oiriúnú agus chun tacú lena bhforbairt straitéiseach sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tacaíonn sí le gníomhaíochtaí a chabhróidh acmhainn a fhorbairt, uileghabhálacht a fhorbairt; agus/nó piarthacaíocht agus comhoibriú a mhéadú.

 

Is féidir na treoirlínte dámhachtana a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil de shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.

 

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:

Tá an dámhachtain oscailte d’eagraíochtaí ealaíon amháin.

 

Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne.Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas.  D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

 

Lean sinn ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe agus cúnaimh:

Twitter: @artscouncil_ie

Facebook: @artscouncilireland

Instagram: @artscouncilireland