Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) d’fhéilte a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2020.
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.
Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.
(Tabhair faoi deara gur tosaíocht íseal iad imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla)
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:
- Banda A: Suas le €7,000
- Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
- Banda C Idir €20,001 agus €35,000
Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm shoiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2020, cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte
Spriocdháta d’iarratais: 5.30 pm, an 14 Samhain 2019
Eiseofar torthaí na gcinntí: Idir lár agus deireadh mhí Eanáir 2020
Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.
Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Tá treoirlínte don scéim ar fáil anseo
Téigh i dteagmháil le Foireann na bhFéilte na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil:
Regina O’Shea regina.oshea@artscouncil.ie 01 618 0200