San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Scribhneoir Cónaithe Gaeilge 2020
Fógraíonn an tAire Madigan scéim nua a thacóidh le hionaid ealaíon agus chultúrtha ar fud na tíre
Comhdháil ‘Change Makers’ Cumhacht ollmhór na bhféilte
RAISE – clár suaitheanta de chuid na Comhairle Ealaíon chun Acmhainn Infheistíochta Príobháidí a Fhorbairt.
Deontais agus Dámhachtainí
An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna, 2020
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta 2019: Ealaíona Comhoibríocha agus Amharclannaíocht
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 30 Eanáir 2020
Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 2
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
Gairm tograí: Cruinniú Mullaigh 2020 ‘From Access to Inclusion’
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 2

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) d’fhéilte a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2020.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

(Tabhair faoi deara gur tosaíocht íseal iad imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla)

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm shoiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2020, cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte

Spriocdháta d’iarratais: 5.30 pm, an 14 Samhain 2019

Eiseofar torthaí na gcinntí:                           Idir lár agus deireadh mhí Eanáir 2020

 

Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

Tá treoirlínte don scéim ar fáil anseo

 

Téigh i dteagmháil le Foireann na bhFéilte na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil:

Regina O’Shea regina.oshea@artscouncil.ie 01 618 0200