San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir.
Nuacht na míosa seo
Aosdana: 12 chomhalta nua
Ardán 31
Maoiniú Síolaithe fógartha le haghaidh Áiteanna Ildánacha Thuama
Deontais agus Dámhachtainí
Déardaoin, an 28 Eanáir, 2021 – Dámhachtainí Sparánachta
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021: Babhta 2
Tá glao ar léiriú spéise maidir le Dámhachtain Liam O’Flynn 2021 fógartha ag an gComhairle Ealaíon
Nuacht ón bPobal
GOOD CAUSES AWARDS DE CHUID AN CHRANNCHUIR NÁISIÚNTA
DEIS FOSTAÍOCHTA: BAINISTEOIR TUAIRISCITHE AGUS ANAILÍSITHE
DEIS FOSTAÍOCHTA: Bainisteoir Tacaíochta don Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha ar an Teilifís – Spotlight
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Dámhachtain Chómhaoinithe 2021 – Tionscadail Chomhoibrithe na hEorpa Cruthaithí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021: Babhta 2

Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2021 fógartha ag an gComhairle Ealaíon.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

Tabhair faoi deara

  • NACH dtabharfar tosaíocht ó thaobh maoinithe de d’imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla.
  • Gur cheart duit a chinntiú, agus d’iarratas á ullmhú, go bhfuil sé bunaithe ar an treoir sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil.
  • Go bhfuil sé riachtanach pleananna teagmhasacha i dtaobh ullmhú féile an iarratasóra a chur ar fáil le gach iarratas.

 

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm shoiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2021, cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Dáta oscailte le haghaidh iarratas:                         an 14 Deireadh Fómhair 2020

Spriocdháta d’iarratais:               An 12 Samhain, 2020, ag 5.30pm

Dáta a dhéanfar na torthaí a fhógairt:                  Feabhra 2021

 

Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseo

nó téigh i dteagmháil le Foireann Fhéilte na Comhairle Ealaíon ag:

Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260

Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284