Tá an dara ceann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2021 fógartha ag an gComhairle Ealaíon.
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.
Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.
Tabhair faoi deara
- NACH dtabharfar tosaíocht ó thaobh maoinithe de d’imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla.
- Gur cheart duit a chinntiú, agus d’iarratas á ullmhú, go bhfuil sé bunaithe ar an treoir sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil.
- Go bhfuil sé riachtanach pleananna teagmhasacha i dtaobh ullmhú féile an iarratasóra a chur ar fáil le gach iarratas.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:
- Banda A: Suas le €7,000
- Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
- Banda C Idir €20,001 agus €35,000
Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm shoiléir ealaíonta acu, agus a bheidh ar siúl idir Iúil agus Nollaig 2021, cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.
Dáta oscailte le haghaidh iarratas: an 14 Deireadh Fómhair 2020
Spriocdháta d’iarratais: An 12 Samhain, 2020, ag 5.30pm
Dáta a dhéanfar na torthaí a fhógairt: Feabhra 2021
Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.
Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseo
nó téigh i dteagmháil le Foireann Fhéilte na Comhairle Ealaíon ag:
Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260
Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284