Belltable and Fishamble: Gairm Oscailte ar Iarratais do Chlár Meantóireachta do Dhrámadóirí agus Stiúrthóirí
 |
Mar chuid den tionscnamh forbartha ealaíontóra tá Belltable: Connect, Belltable and Fishamble: The New Play Company tagtha le chéile chun clár meantóireachta 10 mí a thairiscint do dhrámadóirí agus do stiúrthóirí. Tá sé i gceist go dtacódh an tionscnamh seo le forbairt drámadóirí agus stiúrthóirí atá ag teacht chun cinn agus fadbhunaithe, a bhainfeadh tairbhe as próiseas leanúnach meantóireachta chun a gcleachtas a fhiosú agus a bhreisiú.
Reáchtálfar an clár in Belltable, 69 Sráid Uí Chonaill, Luimneach, thar 10 maidin Satharn (10am – 1pm) ó Mheán Fómhair 2016 go dtí Meitheamh 2017. Pléifidh rannpháirtithe a dtionscadail reatha agus amach anseo, fiosrófar ról an drámadóra/stiúrthóra, agus déanfar meantóireacht orthu trí na dúshláin atá rompu. D’fhéadfaí sárthaispeántas den obair atá ar siúl a chur i láthair i dtreo dheireadh na bliana, de réir mar is cuí.
I gcomhair tuilleadh eolais agus chun foirmeacha iarratas a íoslódáil cliceáil anseo. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais an 1 Iúil 2016 ag 5pm.
 |
|