San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Nollag dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
ilDÁNA 2020 / 2021
Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe
Gairm Oscailte Expo 2020
Anailís ar Riachtanais Oiliúna Earnáil Náisiúnta na nEalaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona 2021
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dhámhachtain Liam O’Flynn - 5:30 p.m., Déardaoin, 16 Eanáir 2020
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Nuacht ón bPobal
Deis poist iontach ag Dance Theatre of Ireland – Feidhmeannach Margaíochta agus Airgeadais
Tá Little Island Books ag earcú!
Fáilte go heagrán na Nollag dár nuachtlitir

Tá Mí na Nollag buailte linn, agus ní fada uainn an Nollaig. Glacann formhór againn briseadh agus scíth i gcomhair machnaimh an t-am seo den bhliain. Ach cuirfidh go leor ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne bailchríoch an mhí seo ar shaothar a lean ar feadh seachtainí fada, agus beidh deis acu na cuntais a réiteach, agus thar aon rud eile beidh deis acu nasc a dhéanamh leis an bpobal ar bhealach speisialta.

Tá an oiread sin saothair den scoth le feiceáil an t-am seo den bhliain, ag gach duine in Éirinn, idir shean is óg, is cuma cá bhfuil siad, agus ar ardáin éagsúla. Inár n-amharclanna agus in ionaid tionóil eile, bainfidh daoine sult as léirithe deasa séasúracha mar aon le saothar nua. Beidh ár gcuid leanaí faoi loinnir agus iad ag féachaint ar dhamhsa, ar dhrámaí nó ar cheol, b’fhéidir den chéad uair ina saol.

Mar sin, ag an tráth seo bliana, molaim do gach léitheoir anseo dul chomh fada le d’ionad tionóil áitiúil agus spléachadh a thabhairt ar scoth na healaíne Éireannaí; ceannaigh saothar le healaíontóirí Éireannacha; agus bí páirteach inár bhfeachtas #ImeachtaíEalaíonGeimhridh #WinterArtsEvents  ar na meáin shóisialta áit a bhfaighidh tú tuilleadh eolais ar an raon imeachtaí ealaíon a bheidh ar siúl ar fud na tíre an mhí seo.

 

Le gach dea-ghuí,

Orlaith McBride
An Stiúrthóir