Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon i nuachtlitir na míosa seo go bhfuil na spriocdhátaí maidir le hiarratais agus cinntí i gcomhair na bpríomhchlár deontas tugtha ar aghaidh roinnt seachtainí aici. Is é an 10 Meán Fómhair go dtí an 11 Deireadh Fómhair an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar chláir maoinithe athfhilltigh. Rinne an Chomhairle an cinneadh i bhfianaise na ndúshlán mór atá ann maidir le maoiniú poiblí, le cabhrú le heagraíochtaí ealaíon pleanáil níos fearr a dhéanamh má laghdaítear an maoiniú a fhaigheann siad; cuirfear na cinntí in iúil ag tús mí Eanair. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh anseo.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag glaoch ar léirithe spéise sa tionscnamh píolótach RAISE atá deartha le cabhrú le hocht n-eagraíocht ealaíon clár tiomsaithe airgid a phleanáil, a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm. Tá na sonraí anseo.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag seoladh scéim nua litríochta, Title by Title, a bhfuil sé d’aidhm aici cabhrú le foilsitheoirí na hÉireann teidil agus foilseacháin ardchaighdeáin a tháirgeadh. Taispeánaimid an chaoi ar ghlac na daoine óga ó ghrúpaí ealaíon na n-óg ar bronnadh maoiniú orthu trí Scéim Ensembles na nÓg 2011 de chuid na Comhairle Ealaíon páirt i sárthaispeántas agus imeacht líonraithe a bhí ar siúl i Sligeach i mí an Mhárta. Is féidir leat breathnú ar fhíseán gearr den ócáid anseo.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil Cultúr Éireann ag lorg léirithe spéise ó dhaoine ar mhaith leo gníomhú mar choimisinéir d’ionadaíocht náisiúnta na hÉireann ag 54ú Biennale Ealaíne na Veinéise in 2013. Cuireann Biennale na Veinéise sárthaispeántas suntasach ar fáil inar féidir le healaíontóirí a gcuid saothar a chur ar taispeáint os comhair an tsaoil mhóir agus tugann sé deis iontach d'ealaíontóirí na hÉireann dul i ngleic le lucht féachana idirnáisiúnta. Tá rannpháirtíocht na hÉireann maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Cultúr Éireann.
Tá spriocdháta againn i gcomhair dhámhachtain Ealaíon & Míchumais na hÉireann 2012 - is é 4 i.n. an 15 Lúnasa an seans deireanach le cur isteach uirthi. Uirlis thiomnaithe is ea scéim Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais na hÉireann a dearadh chun tacú le healaíontóirí aonair atá bodhar nó faoi mhíchumas. Tá sí á bainistiú ag an Arts & Disability Forum thar ceann dhá Chomhairle Ealaíon na hÉireann.
Is féidir leat léamh faoi sheoladh leathanach Facebook na Comhairle Ealaíon. Féadfaidh tú nuashonruithe a fháil go rialta ar an leathanach mar gheall ar ár maoiniú agus faisnéis faoi spriocdhátaí iarratas, seirbhísí acmhainní tacaíochta ar líne agus nuashonruithe ginearálta nuachta uainn mar aon leis an nuacht is déanaí go léir agus eolas faoi imeachtaí atá le teacht ó Arts Audiences.
Ag deireadh na nuachtlitreach tá na hailt rialta uainn maidir le Nuacht ó Phobal na nEalaíon agus deiseanna idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha.
Is mise le meas,
Orlaith McBride,
Stiúrthóir, An Chomhairle Ealaíon