San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m., Déardaoin, an 19 Eanáir 2017
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici le haghaidh 2017/18
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2017
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5.30pm, Déardaoin, an 16 Feabhra 2017
Nuacht ón bPobal
Gairm oscailte ar Choimisiún Pobalghníomhach
Stiúrthóir á lorg ag Eva International
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Gairmeacha atá ag teacht aníos ar mhaoiniú i bhFochlár Cultúir de chuid na hEorpa Cruthaithí
An scéal is déanaí ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa reifreann i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach de chuid na hEorpa Cruthaithí
Deiseanna d’ealaíontóirí i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Eoraip Chruthaitheach faoi láthair
Deiseanna maoiniúcháin eile an AE
Tabhair cuireadh don Oifig Cultúir labhairt ag d’imeacht
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5.30pm, Déardaoin, an 16 Feabhra 2017

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 16 Feabhra 2017 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 17 Eanáir 2017 ar aghaidh.

Tá na dámhachtainí seo a leanas le fáil:

  • An Dámhachtain Coimisiún sa Cheol
  • Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta
  • Dámhachtain Coimisiún sa Cheoldrámaíocht


Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a éascú idir réimse daoine nó eagraíochtaí ar mian leo saothair a choimisiúnú agus na healaíontóirí féin. Tacaíonn an Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta le táillí a íoctar le healaíontóirí. Is é an toradh a chaithfidh a bheith ar an bpróiseas seo ná go scaipfear an saothar a coimisiúnófar nó go gcuirfear i láthair é in Éirinn nó thar lear.


Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí lena n‑áirítear ealaíontóirí, gairmithe ealaíon, ensemble, údaráis áitiúla, compántais léiriúcháin agus gníomhaireachtaí eile. Ní féidir leis an ealaíontóir atá le coimisiúnú iarratais a dhéanamh. Is é an coimisinéir amháin a dhéanann é sin.


Foilseofar Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh na ndámhachtainí seo sa rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.


Tabhair faoi deara


Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don té atá ag coimisiúnú an tsaothair agus don ealaíontóir (nó do na healaíontóirí) a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh. 
Newsletter Marketing Powered by Newsweaver