1. Clár na Comhairle Ealaíon chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 1 Eanáir 2013 go dtí an 30 Meitheamh 20113 a shonrú
Le Clár na Comhairle Ealaíon chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a shonrú, déanfar ceiliúradh ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon in Éirinn a oibríonn i gcomhar le comhghleacaithe lonnaithe in áiteanna eile san Eoraip. Cuimseoidh sé imeachtaí agus gníomhaíochtaí ealaíne in Éirinn a nascann saoránaigh – ealaíontóirí, gairmithe cultúrtha, rannpháirtithe ealaíon, lucht féachana agus oibrithe deonacha – thar theorainneacha san Eoraip.
Léigh tuilleadh
2. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta i gcomhair Reel Art 2013
Tá an spriocdháta i gcomhair scéim Reel Art 2013 fógartha ag an gComhairle Ealaíon. Is scéim í Reel Art, a seoladh in 2008, a ceapadh chun deis uathúil a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne. Beidh an scéim Reel Art á feidhmiú i gcomhar le Filmbase agus le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson, agus beidh sí ag cur tacaíochta ar fáil do thrí scannán le deontas suas le €70-80,000 in aghaidh an tionscadail. Léireofar scannáin Reel Art den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Jameson i mí Feabhra 2014. Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas Dé Máirt, an 16 Deireadh Fómhair ag 5in.
Léigh tuilleadh
3. Iarratais ar Scéim Chónaitheachta d'Ealaíontóirí atá ag Obair don Óige oscailte anois le haghaidh 2012-13
Tá glao ar iarratais fógartha i gclár Ealaíon de chuid Chomhairle Náisiúnta na nÓg don Scéim Chónaitheachta d'Ealaíontóirí atá ag Obair don Óige. Tairgtear an Scéim seo d’eagraíochtaí óige ina bhfuil ealaíontóirí gairmiúla agus daoine óga chun deiseanna níos forleithne agus níos fearr a thabhairt do dhaoine óga dul i dtaithí ar na healaíona agus a bheith rannpháirteach iontu.
Léigh tuilleadh
4. Meabhrúchán: Camchuairt agus Scaipeadh Saothair - Iúil go Nollaig 2013
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas i gcomhair camchuairteanna a thosóidh sa tréimhse Iúil go Nollaig 2013 ná Déardaoin an 15 Samhain, 2012. Beidh foirmeacha iarratais agus treoirlínte ar fáil ar líne ón 12 Deireadh Fómhair 2012 agus beidh na critéir i gcomhair na scéime cosúil leo siúd a fógraíodh maidir le scéimeanna roimhe seo. Ag leanúint leis an gcur chuige atá dírithe ar an lucht éisteachta/féachana atá mar lárthréith de Bheartas Camchuairte na Comhairle Ealaíon, dearadh an scéim chun tacaíocht a thabhairt do chomhoibriú dáiríre idir na daoine sin a bhfuil saothair á gcruthú acu agus atá ag iarraidh dul ar camchuairt leis na saothar sin agus an tionscnóir áitiúil nó an t-ionad ina gcuirfear an saothar i láthair.
Léigh tuilleadh
5. Tá €1,768,62 le tabhairt do 72 Tionscadal ar fud na hÉireann
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí na bhfaighteoirí rathúla a fhógairt faoi bhabhta a dó den Dámhachtain Tionscadail don bhliain 2012. Tacaíonn Dámhachtainí tionscadail na Comhairle Ealaíon le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne nó cleachtas ealaíne.
Léigh tuilleadh
6. € 144,500 insileadh do 9 Ealaíontóir Rince Cónaitheach Iarratasóirí
D'fhógair an Chomhairle Ealaíon sonraí d'fhaighteoirí rathúla faoin Ealaíontóir Rince i Scéim Cónaithe 2012. Is é cuspóir na scéime seo a chobhsú agus tacú le líonra na n-ealaíontóirí rince cónaitheach ar fud na tíre.
Léigh tuilleadh
7. Tá €100,130 le tabhairt do 5 Scéim Mhaoinithe um Fhorbairt Téatair
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí na bhfaighteoirí rathúla a fhógairt faoin Scéim mhaoinithe um fhorbairt téatair don bhliain 2012. Leis an Scéim Mhaoinithe um Fhorbairt Téatair, tabharfar an deis d’eagraíochtaí ealaíon cláir forbartha agus meantóireachta a thairiscint do ghrúpaí ealaíontóirí téatair.
Léigh tuilleadh
8. € 91,620 insileadh ar feadh 5 Scéim Roinnte Amharclann Acmhainní
D'fhógair an Chomhairle Ealaíon sonraí d'fhaighteoirí rathúla faoin Scéim Roinnte Acmhainní Amharclann don bhliain 2012. Is é cuspóir na duaise seo an deis a chur ar fáil d'eagraíochtaí acmhainní riaracháin a roinnt agus a tháirgeadh le roinnt ealaíontóirí téatair thar thréimhse shonraithe ama.
Léigh tuilleadh
9. Tá €108,160 le tabhairt do 7 Iarratasóirí ar an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí atá ag Obair sa Téatar
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis sonraí na bhfaighteoirí rathúla a fhógairt faoin Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí atá ag Obair sa Téatar don bhliain 2012. Is é cuspóir na scéime seo ná deis a thabhairt d’ealaíontóirí téatair clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid agus le húdaráis áitiúla.
Léigh tuilleadh
10. Tá €581,825 ceadaithe i ndeontais le haghaidh 23 Gradam Camchuairte sa chéad leath de 2013.
Tá sonraí maidir le faighteoirí rathúla fógartha ag an gComhairle Ealaíon faoi Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair 2012, babhta 1. Tá an scéim seo deartha chun tacú le camchuairt agus scaipeadh saothair i ngach disciplín ealaíon ag tosú idir Eanáir 2013 go Meitheamh 2013.
Léigh tuilleadh
11. Arts Audiences – imeachtaí atá ag teacht aníos
Ar mhaith leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair? Reáchtálfaidh Arts Audiences ceardlanna réamhiarratais le haghaidh eagraíochtaí agus daoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú do chamchuairteanna sa tréimhse Iúil – Nollaig 2013, nó ar an tsraith ‘Réamhphleanáil’ a bhaineann le camchuairteanna i rith 2014. Beidh na ceardlanna ar siúl sa Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath, Dé Máirt an 23 Deireadh Fómhair ó 2 – 5in agus in Amharclann an Lime Tree, Luimneach Dé Céadaoin an 24 Deireadh Fómhair ó 11rn-2in. Is é an 15 Samhain 2012 ag 5-30in spriocdháta na scéime seo.
Léigh tuilleadh
12. Dámhachtainí Ealaíon agus Míchumais na hÉireann 2012
Tá clár deontais 2012 dúnta anois. Táthar ag próiseáil iarratais reatha anois. Cuirfear iarratasóirí ar an eolas maidir le toradh a gcuid iarratas i mí na Samhna.
Léigh tuilleadh
13. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
Meabhrúchán: Síntí ama ar spriocdhátaí Chlár Cultúir an AE Mar gheall ar nuashonruithe inmheánacha a bhí ag teastáil ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Clos-Amhairc agus Cultúir, cuireadh mí sa bhreis leis na spriocdhátaí a bhain leis na sraitheanna seo a leanas:
Léigh tuilleadh
|
|