1. Comhdháil na Comhairle Ealaíon maidir le daonchairdeas éifeachtach agus gníomhaíochtaí tiomsaithe airgead ar leibhéal corparáideach d’eagraíochtaí maoinithe
Beidh an Chomhairle Ealaíon ag reáchtáil comhdhála ar an Luan 19 Aibreán 2010 sa Dánlann Náisiúnta le haghaidh a cuid eagraíochtaí maoinithe. Is éard is ábhar don chomhdháil ná cúrsaí bainistíochta sa chúlú eacnamaíochta agus an chaoi inar féidir leis an daonchairdeas agus le gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid ar leibhéal corparáideach cabhrú le hioncaim neamhreachtúil a chothú.
Léigh tuilleadh
2. Cuireann Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon fáilte roimh fhoilsiú ‘Innovation Ireland’
Chuir Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Pat Moylan, fáilte roimh Innovation Ireland, an tuarascáil ón tascfhórsa nuálaíochta a d’fhoilsigh an Rialtas. Dúirt sí gur leag an tuarascáil béim ar an gcaoi inar féidir na healaíona a úsáid le poist a chruthú sa gheilleagar digiteach agus sna hearnálacha cruthaitheacha.
Léigh tuilleadh
3. Eisíonn an Chomhairle Ealaíon dhá fhoilseachán - ‘An Integrated Dance Strategy 2010-2012’ agus ‘Giving Body to Dance’
Tá an Chomhairle Ealaíon ag eisiúint dhá fhoilseachán: déanann An Integrated Dance Strategy 2010-2012 cur síos ar phleananna na Comhairle Ealaíon tógáil ar an obair a rinne sí san athbhreithniú Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon. Is éard atá in Giving Body to Dance ná tuairisc achomair ar an athbhreithniú a rinneadh ar chaighdeán agus líon na bhfoirgneamh atá ar fáil mar áiseanna do lucht damhsa.
Léigh tuilleadh
4. Cosaint agus leas leanaí in earnáil na n-ealaíon: dhá acmhainn nua foilsithe ar an suíomh Gréasáin.
Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil dhá acmhainn nua le fáil ar ár suíomh gréasáin d’eagraíochtaí ealaíon a oibríonn le leanaí agus le daoine óga.
Léigh tuilleadh
5. An Chomhairle Ealaíon/Clár Ceannaireachta Clore - glaoch ar Iarratais
Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon a fhógairt go gcuirfidh sí sparánachtaí ar fáil do chúigear, ar a mhéad, le freastal ar Ghearrchúrsaí Ceannaireachta Clore in 2010.
Léigh tuilleadh
6. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an spriocdháta le haghaidh Scéim Ensembles na nÓg
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ar an gcéad scéim eile de chuid Ensembles na nÓg ná 30 Aibreán 2010.
Léigh tuilleadh
7. Scéim camchuairte agus scaipthe saothair – 2010
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon scéim nua a fhógairt a thabharfaidh tacaíocht do chamchuairteanna agus scaipeadh saothair i ngach disciplín ealaíne. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5:30 i.n. Déardaoin an 15 Aibreán 2010.
Léigh tuilleadh
8. Fógraítear an spriocdháta don scéim Frameworks
Is scéim bhunaithe é Frameworks i gcomhair gearrscannáin bheoite a dhéanamh. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná Dé hAoine, an 23 Aibreán 2010.
Léigh tuilleadh
9. RTÉ Dance on the Box 2010 - fógraítear na buaiteoirí
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar RTÉ na ceithre scannán a ainmniú a roghnaíodh faoin scéim RTÉ Dance on the Box.
Léigh tuilleadh
10. Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon sonraí maidir leo siúd ar bronnadh dámhachtainí Reel Art orthu
Tá an Chomhairle Ealaíon i ndiaidh sonraí a fhógairt maidir leo siúd ar éirigh leo an dara babhta den scéim Reel Art a bhaint amach. Tugann Reel Art maoiniú le cláir faisnéise ar na healaíona a dhéanamh.
Léigh tuilleadh
11. Cinntí: na babhtaí is déanaí den scéim Deis
Is scéim í Deis atá bunaithe ar thograí agus a dhírítear ar phobal na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú a lorg ón gComhairle Ealaíon i leith raon tionscadal.
Léigh tuilleadh
12. Art-Youth-Culture: FYI - Cruinniú idir daoine óga agus lucht déanta beartas (27-29 Márta 2010)
Ba éard a bhí in Art-Youth-Culture: FYI ná sraith ceardlanna ealaíon, ócáidí plé agus cruinnithe idir daoine óga agus lucht déanta beartas faoin bpáirt a bhíonn ag daoine óga sa saol cultúrtha agus sna healaíona
Léigh tuilleadh
13. Comharthaí Beatha: Na hEalaíona agus an tSláinte i gComhthéacs – nuashonrú
Cuireadh Comharthaí Beatha: na hEalaíona agus an tSláinte i gComhthéacs ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 2009. I measc na n‑imeachtaí, bhí comhdháil náisiúnta i gColáiste Ríoga na Lianna, taispeántas i gcúig ionad ar fud Bhaile Átha Cliath 8, agus coimisiúnaíodh sraith saothair thuairimíochta ar na healaíona agus ar chúrsaí sláinte.
Léigh tuilleadh
14. Seimineár Poiblí maidir leis na healaíona traidisiúnta béil (Gaeilge agus Béarla): Dé Luain an 19 Aibreán ag 2:30 i.n. i Músaem Cathrach na Gaillimhe
Beidh cruinniú poiblí ar siúl ag an gComhairle Ealaíon i Músaem Cathrach na Gaillimhe (Músaem Cathrach na Gaillimhe, Paráid na Spáinneach, Cathair na Gaillimhe) ar an Luan 19 Aibreán 2010 ó 2.30 i.n. – 4.30 i.n.
Léigh tuilleadh
15. Nuacht ó phobal na n-ealaíon
Ar an nuacht is déanaí ó phobal na n-ealaíon i mí an Mhárta, táthar ag glacadh le hiarratas ar stiúideonna ag Temple Bar Gallery and Studios 2010-2011, agus tá eolas ó Music Network ar Making Overtures 2010, dianchúrsa forbartha gairmiúil 5 lá. Dírítear é ar cheoltóirí gairmiúla agus ar chumadóirí ceoil ar Éireannaigh iad nó atá lonnaithe in Éirinn.
Léigh tuilleadh
16. Nuacht idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na míreanna nuachta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha, tá: sonraí faoi chruinniú i nGaillimh le haghaidh eolais faoi Chlár Chultúir na hEorpa / European Culture Programme; buaiteoirí Shraith 2 2009 agus eolas faoi cén chaoi ar féidir cur isteach ar scéim na bliana 2010; glaoch ar thograí le haghaidh Sraith 1.3 agus sonraí faoi Lipéad Oidhreachta Eorpach; glaoch ar thograí le haghaidh an chláir Euromed Audiovisual II agus glaoch ar shaineolaithe ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais Closamhairc agus Cultúir (EACEA); nóta le meabhrú daoibh coinneáil bord ar bhord leis an nuacht is déanaí ó shuíomh Gréasáin EACEA; agus nóta le meabhrú daoibh go ndéanfar suíomh Gréasáin an Phointe Teagmhála Cultúrtha a athsheoladh go luath.
Léigh tuilleadh
|
|