San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Sealbhuithe nua na Comhairle Ealaíon – 2021
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh & i bhFómhar 2021
Treoirlínte COVID-19 le haghaidh Cur i láthair Sábháilte Féilte agus Imeachtaí Beo.
Forbairt Bheartas nua na Comhairle Ealaíon maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Uirlisí Digiteacha do na hEalaíona
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon
Clinicí Amharclannaíochta atá le Teacht
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2022
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2022
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Nuacht ón bPobal
Breac síos an Dáta!
Breac síos an Dáta!

Beidh Ceolfhoireann na gCuimhní (IMO) le Dave Flynn ag lorg ceoltóirí díograiseacha ó aois 10 – 24 chun páirt a ghlacadh i gCeolfhoireann & Cór Óige an IMO i nGaillimh ón 12 – 16 Aibreán 2022. Féadfaidh aon cheoltóir uirlise nó amhránaí Éireannach nó atá lonnaithe in Éirinn agus atá ar mheánleibhéal nó ardleibhéal, iarratas a dhéanamh ar thaispeántas de The Vision Symphony le Dave Flynn a ullmhú do Dhomhnach Cásca na bliana seo chugainn.

 

Beifear ag glacadh le hiarratais níos déanaí an samhradh seo agus ba bhreá linn cloisteáil ó cheoltóirí uirlise óga agus ó amhránaithe óga a bhíonn ag seinm/ag casadh i raon leathan stíleanna agus a bhfuil an díograis agus an tiomantas acu le clár dúshlánach a sheinm/a chasadh de ghlanmheabhair. Iarrtar ar cheoltóirí ó aois 10 – 24 iarratas a dhéanamh, agus spreagtar ceoltóirí dalla agus ceoltóirí a bhfuil lagú radhairc orthu go háirithe ós rud é gur cumadh The Vision Symphony chun ceoltóirí dalla agus ceoltóirí a bhfuil lagú radhairc orthu a chumasú a bheith ag seinm le ceolfhoireann.

 

Seiceáil www.irishmemoryorchestra.com agus ár leathanaigh mheán sóisialta le níos mó nuachta a fháil a bheidh ag teacht gan mhoill, nó léirigh do spéis anois ag https://www.irishmemoryorchestra.com/outreach.html agus cuirfimid in iúl duit nuair a bheifear ag glacadh le hiarratais.

 

Maoinithe ag Scéim Ensembles na nÓg de chuid na Comhairle Ealaíon

 

Twitter: @IrishMemoryOrch

Facebook: @IrishMemoryOrchestra

Instagram: @irishmemoryorchestra