San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán Mhí Feabhra dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Bain só as d’fhéile an mhí seo!
Tá spriocdháta curtha amach go dtí an 13ú Márta 2020 don phróiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta ar Ailtireacht
Buail leis an gComhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Tacaíochtaí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Mobility First! - Tionscnamh Soghluaiseachta Cultúrtha ASEF 2020
Nuacht ón bPobal
Deis Fostaíochta ag Music Network Riarthóir Clár
Stiúideonna Ealaíontóirí le Fáil ar Cíos
Scoileanna Ildánacha
Deis do Chomhlaigh Chruthaitheacha
Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír
Scéim Ensembles na nÓg 2020

Is é príomhchuspóir Scéim Ensembles na nÓg tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí daoine óga idir deich mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois chun saothar uaillmhianach úrnua a chruthú nó dul i ngleic go criticiúil le chéile i bhfoirm ealaíne ar bith (e.g. sorcas, ealaín sráide, seónna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, ceol, amharclannaíocht, litríocht, na hamharc-ealaíona, ailtireacht, nó meascán ar bith díobh sin). Ní mór go mbeadh triúr ball nó níos mó ná sin i ngrúpaí nó in ensembles.

Baineann dhá shnáithe le Scéim Ensembles na nÓg. Ba cheart duit an snáithe is oiriúnaí do d’ensemble agus do thogra a roghnú. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ach ar aon snáithe amháin. Is é €10,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 1 agus is é €25,000 an maoiniú is mó atá ar fáil faoi shnáithe 2.

 

Snáithe 1

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi thionscadal nó thionscnamh nua a fhorbróidh cleachtas agus taithí na ndaoine óga a bheidh páirteach ann. D’fhéadfá cur isteach ar suas le €10,000. Féadfaidh ensembles nua agus seanbhunaithe cur isteach ar an scéim seo agus ní mór dóibh a n-acmhainn a léiriú le tionscadal ealaíonta ardchaighdeáin a fhorbairt agus a sholáthar

Snáithe 2

Dírítear sa snáithe seo ar ensembles a bhfuil sé mar aidhm acu tabhairt faoi chlár oibre a fhorbraíonn obair an ensemble. Is le haghaidh tograí a chosnóidh níos mó ná €10,000 agus nach mó ná €25,000 an snáithe seo. Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina ensembles seanbhunaithe a bhfuil cuntas teiste acu ar thionscadail nó ar chláir ealaíonta ardchaighdeáin a chur ar fáil.  Ní mór d’iarratasóirí ar an snáithe seo a chur in iúl cén fáth a dteastaíonn buiséad níos mó ná an buiséad atá ar fáil faoi Shnáithe 1.

Féadfaidh tú féachaint ar fhíseán ina roinneann buaiteoirí sna blianta roimhe seo leideanna maidir le hiarratas a dhéanamh ar an scéim.

 

Má tá spéis agat cur isteach ar an scéim seo, íoslódáil agus léigh na treoirlínte anseo: http://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/Sceim-Ensembles-na-n-Og/

 

Glacfar le hiarratais ar líne ó Dé Máirt, 14 Eanáir 2020.

 

Tá pleanáil agus soláthar do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga leis na healaíona mar chuid de straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016-2025