RAISE – clár suaitheanta de chuid na Comhairle Ealaíon chun Acmhainn Infheistíochta Príobháidí a Fhorbairt.
 |
Gabhtar chun “Leanúint leis an tacaíocht d’eagraíochtaí ealaíon chun a mbonn ioncaim a leathnú trí leanúint lenár gclár RAISE, agus cabhrú chun cultúr na féile i dtaobh na n-ealaíon a fhorbairt freisin”, i bplean trí bliana de chuid na Comhairle Ealaíon “Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh”. Tá an scéim seo á seachadadh ag O’Kennedy Consulting thar ceann na Comhairle Ealaíon, thaifead agus d’aithin na heagraíochtaí atá ag glacadh páirt in RAISE faoi láthair an dul chun cinn agus na buntáistí a tháinig chun cinn mar thoradh uirthi, go háirithe i réimsí amhail giniúint ioncaim, deiseanna nua, a gcumas le tograí gairmiúla a ullmhú, tacaíocht agus rannpháirtíocht a fháil óna mBoird, próifíliú níos fearr dá n-eagraíochtaí agus cultúr den athrú a chur i bhfeidhm dá n-eagraíochtaí chun tacú le hinfheistíocht phríobháideach agus le daonchairdeas. Áirítear na héachtaí seo a leanas i measc na mbuaicphointí; méadú 30% in ioncam tiomsaithe airgid, tá cláir Rannpháirtíochta Corparáidí ag 76% d’eagraíochtaí RAISE mar aon le cláir do Chairde agus Phátrúin, agus tá coistí tiomsaithe airgid ag 22 eagraíocht RAISE anois. Is féidir leat roinnt de scéalta rathúla na n-eagraíochtaí seo a léamh sa nuachtlitir RAISE is déanaí atá le fáil anseo…........
Martin O’Sullivan, Leas-Stiúrthóir, Stiúrthóir Airgeadais agus Rúnaí
 |
|