Tá iarratais á lorg anois ag Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin don phost mar Oifigeach Forbartha Music Generation. Conradh téarma sheasta cúig bliana atá i gceist.
Déanfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin Oifigeach Forbartha Music Generation a cheapadh a bheidh freagrach as clár oideachais fairsing um thaibhiú ceoil a bhainistiú thar ceann na Comhpháirtíochta Oideachais Ceoil i réigiún an Chabháin/Mhuineacháin.
Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann is ea Music Generation atá cómhaoinithe ag U2, ag The Ireland Funds, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla.
Tá foirm iarratais, tuairisc ar an bpost agus sonraíocht faoin bpearsa atá á lorg ar fáil ar líne ag www.etbjobs.ie
Dé Céadaoin, an 6 Eanáir 2021 ar 12 meán lae an sprioc le haghaidh iarratas
Ní ghlacfar le hiarratais ná le CVanna a chuirtear isteach tar éis na sprice sin.
Bunaithe ar an líon iarratas a bhfuiltear ag súil leis, d’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh. Déanfar gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí na n-iarrthóirí, d’fhéadfadh tairseacha an ghearrliostaithe a bheith i bhfad níos airde ná na caighdeáin bhunúsacha arna leagan amach.
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin.