Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
 |
Is é an spriocdháta le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar bun idir mí Iúil agus mí na Nollag 2020 agus le haghaidh Réamhphleanáil 2021 an 9 Eanáir 2020.
Tabhair faoi deara gur cuireadh síneadh leis an tréimhse iarratais agus go mbeidh fáil ar fhoirmeacha iarratais anois trí na seirbhísí ar líne ón 26 Samhain 2019.
Féadfaidh iarratasóirí nach n-éiríonn leo Maoiniú Straitéiseach/Ionaid Ealaíon/Comhpháirtíochta a fháil cur isteach ar Bhabhta 2 de Scéim Camchuairte 2019.
Tá an scéim Réamhphleanála oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar mian leo léiriúcháin a thabhairt ar camchuairt in 2010 (seachas eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú straitéiseach ilbhliantúil).
Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta.
Chun sonraí a fháil faoin scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
 |
|