Meabhrúchán: Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
 |
Is é an 15 Nollaig an spriocdháta don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna ó Iúil go Nollaig 2017. Tá an spriocdháta don snáithe Réamhphleanála don scéim seo mar a chéile leis an spriocdháta le haghaidh turas ó Eanáir go Nollaig 2018. Is oth linn go bhfuil dáta an iarratais níos déanaí ná mar is gnách ar chúiseanna éagsúla agus gabhaimid ár leithscéal as deacrachtaí ar bith a thiocfaidh chun cinn mar thoradh air sin. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais trí na seirbhísí ar líne ón 15 Samhain 2016. Bhí ceardlann réamhiarratais le bheith ar siúl i lár mhí Dheireadh Fómhair d’iarratasóirí ionchasacha: ní bheidh sé sin ar siúl anois. Ina áit sin, is féidir teagmháil a dhéanamh le Val Ballance le ríomhphost agus tabharfaidh sé freagra ar cheisteanna ar bith a d’fhéadfadh bheith agat trí chruinniú a eagrú nó ar an nguthán (val.ballance@artscouncil.ie) Moltar duit é sin a dhéanamh tamall maith roimh an spriocdháta. Mar a tharla le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann tacaíocht chomhpháirteach a thabhairt do chamchuairteanna thuaidh-theas. Ciallaíonn sé sin gur féidir le hiarratais ó Thuaisceart Éireann agus ó Phoblacht na hÉireann dátaí ón dá dhlínse a chur san áireamh. Spreagadh é sin do chompántais agus d’ionaid oibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin. Ó tugadh isteach iad sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair lucht féachana/éisteachta. (Cé go bhfuil an-fháilte roimh chamchuairteanna thuaidh / theas, tabhair faoi deara nach dtugtar tús áite dóibh sna treoirlínte)
 |
|