San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2019
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30 pm, Déardaoin, 2 Bealtaine 2019
Spriocdháta Nua le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta Déardaoin, 13 Meitheamh 2019
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí
Bingo Wings
Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú
Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland
FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!
Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn le bheith ag Comhdháil Chumann Leabharlann na hÉireann, 2019
An Eoraip Chruthaitheach ag tacú leis an bhFéile Big Bang a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 5–7 Aibreán
Tionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach
Memory of Water (Ormston House)
PUSH+ (The Ark)
Make a Move (Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)
A Woman’s Work (Dánlann na Grianghrafadóireachta)
Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland

In 2018, mar chuid dá 30ú bliain, bheartaigh Fishamble: The New Play Company dráma mór, uaillmhianach amháin a aimsiú a bhfuil neart daonnachta le fáil ann agus ina dtéitear i ngleic le hábhar a bhfuil an drámadóir paiseanta faoi, is é sin – A PLAY FOR IRELAND ina dtugtar léargas ar zeitgeist na tíre, a chaithfear a chur ar an stáitse.
Glacadh le haighneachtaí ó cheann ceann na tíre ag tús an phróisis a mhair dhá bhliain, ina iarradh ar shaoránaigh na hÉireann agus ar shaoránaigh nach Éireannaigh iad, a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann, drámaí a scríobh ina mbeadh spéis ag daoine 18 mbliana d’aois agus níos sine, ó gach pobal timpeall na tíre. D’fhorbair Fishamble 30 dráma nua faoin togra le drámadóirí ar fud oileán na hÉireann le linn na chéad chéime den tionscnamh seo, agus cuirfear dráma speisialta amháin ar stáitse níos déanaí i mbliana mar chuid den tionscnamh.
D’fhógair Fishamble na sé dhráma a cuireadh ar an ngearrliosta an mhí seo caite, agus chuaigh na drámaí sin ar aghaidh go dtí an chéim dheireanach den phróiseas ina ndearnadh ceardlann bunaithe ar gach dráma le foireann Fishamble. Fógrófar an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland an tseachtain seo.

Na teidil agus drámadóirí a cuireadh ar an ngearrliosta:
Duck, Duck, Goose le Caitríona Daly
In Passing le John Doran
Wreckquiem le Mike Finn
A Line of Work le Marina Ní Dhubháin
Ballybaile le Jody O’Neill
The Alternative le Michael Patrick & Oisín Kearney

Cuirfear an dráma a roghnófar mar A Play For Ireland ar stáitse den chéad uair ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath mar chuid dá chamchuairt náisiúnta i gcomhar le Draíocht, Everyman, Amharclann Lime Tree, Ionad Ealaíon Belltable, Amharclann Lyric, Amharclann an Phailliúin, agus Amharclann Halla na Cathrach i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2019.

Tacaíonn Tesco Finest leis an gclár agus is é Iarnród Éireann an comhpháirtí iompair.

Cliceáil anseo chun léamh faoin dráma roghnaithe agus faoin phróiseas dhá bhliain a bhain le A PLAY FOR IRELAND: www.fishamble.com/apfi