San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Clinicí faisnéise ar dhámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon don bhliain 2019
Fógraíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon Gairmeacha Oscailte ar Léirithe Spéise le haghaidh an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta, La Biennale di Venezia, 2020.
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair Dámhachtain Coimisiún – 5.30 pm, Déardaoin, 2 Bealtaine 2019
Spriocdháta Nua le haghaidh Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 1
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta Déardaoin, 13 Meitheamh 2019
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair
Nuacht ón bPobal
Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí
Bingo Wings
Áras na Scríbhneoirí: Nuashonrú
Fógraíonn Fishamble an dráma a roghnaíodh i gcomhair A Play For Ireland
FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir ó mhí Aibreáin 2019!
Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn le bheith ag Comhdháil Chumann Leabharlann na hÉireann, 2019
An Eoraip Chruthaitheach ag tacú leis an bhFéile Big Bang a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 5–7 Aibreán
Tionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach
Memory of Water (Ormston House)
PUSH+ (The Ark)
Make a Move (Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe)
A Woman’s Work (Dánlann na Grianghrafadóireachta)
FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh

Tugann Circostrada, Artcena i gcomhpháirtíocht le Gaillimh 2020 agus Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network cuireadh duit a bheith linn i gcomhair FRESH STREET#3 | Seimineár Idirnáisiúnta ar Fhorbairt na nEalaíon Sráide i nGaillimh idir an 22 agus an 24 Bealtaine 2019.

Tiocfaidh níos mó ná 250 ealaíontóir, cláraitheoir, taighdeoir, oideolaí, iriseoir, agus déantóir beartas as gach cearn den domhan le chéile do FRESH STREET#3, i gcomhair imeacht ilghnéitheach dírithe ar fhorbairt agus ar chur chun cinn na healaíne sa spás poiblí.

Beidh clár le neart imeachtaí éagsúla ann mar chuid den togra seo agus áirítear i measc na n-imeachtaí sin plé painéil, ceardlanna, malartuithe proifisiúnta agus fiosrúchán ar an gcomhthéacs áitiúil, lena n-áirítear turas speisialta chuig oileáin Árann. Beidh deis ag na toscairí taitneamh a bhaint freisin as roinnt léirithe ealaíonta den chéad scoth san fhearann poiblí.