Spriocdháta: 5.30pm; Déardaoin, 8 Aibreán 2021
Beidh deis iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 9 Márta 2021 ar aghaidh.
Tá an Dámhachtain Lúfaireachta oscailte d’ealaíontóirí aonair agus do ghairmithe ealaíon, agus tá sí ar fáil i ngach foirm ealaíne agus réimse cleachtas ealaíon a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leo.
Cuspóir na Dámhachtana seo
Is é cuspóir na Dámhachtana Lúfaireachta tacú le healaíontóirí agus cleachtóirí ealaíon cleachtacha uas-sciliú trí rochtain ar fhorbairt ghairmiúil nó deis oiliúna, agus/nó tréimhse a chaitheamh ag díriú ar réimse dá gcleachtas nó dá gcuid oibre a fhorbairt.
Is féidir na treoirlínte dámhachtana a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil de shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ag deireadh mhí Feabhra.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:
Is do dhaoine aonair amháin an dámhachtain seo.
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne.Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.
Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn tacaíocht uait maidir le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar an Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne: http://www.facebook.com/artscouncilireland