<< Clúdach
English Version

Ailt
Niall Vallely ceaptha mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2014-15 ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Saothar nua le léiriú faoin scéim SPLANC!

An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair

Ciste Gníomhaíochta Cláir do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas

An Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach

Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon

Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir

Cartlann
Cliceáil anseo chun breathnú ar ár gcartlann

Eagarthóir  
Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí 17 Deireadh Fómhair..

Seol scéal nuachta chugainn

Liostáil
Liostáil


Naisc chuig Suíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon
nuachtlitir
Imleabhar 12 Eagrán 13 Deireadh Fómhair 2014

Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon

MARKETPLACE 2014 – Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo an chumarsáid idir ionaid agus tionscnóirí a fheabhsú chun smaointe a fhorbairt le haghaidh camchuairteanna. Féadtar níos mó a léamh faoi anseo (http://www.audiencesni.com/Marketplace-2014).

 Tá an-áthas orainn na 44 eagraíocht a bheidh ag glacadh páirte a fhógairt.  Feartar fáilte ar leith roimh na ceithre cinn ó Thuaisceart Éireann a bheidh linn, rud a chuireann nádúr uile-oileáin na Scéime Camchuairte agus Scaipthe Saothair in iúl.  Beidh tionscnóirí agus ionaid fíorghnóthach ón 16 Deireadh Fómhair amach chun creat a chur ar fáil d’ionaid agus líonraí chun a riachtanais a chur in iúl i gcomhthéacs camchuairteanna agus fhreagairt an lucht féachana; agus le haghaidh tionscnóirí chun freagairt a thabhairt ar smaointe cláir agus iad a thástáil.   Tá an tionscadal á bhainistiú ag an bhfoireann in Audiences Northern Ireland. Tig leat liosta suntasach na rannpháirtithe a léamh anseo: http://artsaudiences.ie/wp-admin/post.php?post=4067&action=edit&message=6.

 

Caithfidh Lucht Féachana na nEalaíon lá amháin ag díriú d’intinne ar lucht féachana an 9 Nollaig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.  Cuirfear clár láithreoireachtaí faoi thaighde úrnua i láthair chomh maith le treoir theicniúil agus meascán de cheardlanna, de láithreoireachtaí agus de líonrú.  Seisiúin maidir le Féilte Liteartha, Lucht Féachana na bhFísealaíon, Camchuairteanna, Margaíocht Dhigiteach agus níos mó. Tá an lá seo dírithe ar Bhainisteoirí Margaíochta agus ar Bhainisteoirí Sinsearacha atá freagrach as lucht féachana a bhreisiú le haghaidh a gcuid eagraíochtaí ealaíon.   Tosóidh an clárú an 15 Deireadh Fómhair trí shuíomh Gréasáin Lucht Féachana na nEalaíon, www.artsaudiences.ie. I láthair na huaire, is féidir leat an dáta a chur ar d’fhéilire trí chliceáil anseo http://artsaudiences.ie/ai1ec_event/arts-audiences-conference/?instance_id=49.

 

Nua: Oiliúint ar Mhargaíocht Camchuairte – Tosaíonn an chéad ghrúpa.  Táimid tar éis croitheadh ​​a bhaint as an oiliúint chun freastal ar go leor agaibh a bhfuil sí críochnaithe agaibh cheana féin agus saol gnóthach na ndaoine a dhéanann margaíocht ar chamchuairt a éascú níos fearr.  Cuirfidh The Audience Agency, Londain tús le hoiliúint an 6 Deireadh Fómhair dóibh siúd atá maoinithe le dul i mbun Camchuairte faoin Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair sa chéad leath den bhliain 2015.  I measc na ngnéithe nua beidh seisiún ‘Bunriachtanais’ an 7 Deireadh Fómhair, seimineár Gréasáin, ábhair agus físeáin ar líne agus seisiún deiridh Máistir-ranga.  Cliceáil anseo http://artsaudiences.ie/2014/09/participants-in-touring-marketing-training-autumn-2014 chun níos mó faisnéise agus an dream a bheidh ag glacadh páirte a fheiceáil.

<< Clúdach
Newsletter Marketing Powered by Newsweaver