San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Dámhachtain Sparánachta DÓLO
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2020, Babhta a hAon: Iarratasóirí ar éirigh leo
Ag Tabhairt Suntais d’Ealaín Phoiblí i gCúram Sláinte – glaoch ar fhaisnéis
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021 – Babhta 1
Scéimeanna Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta agus Damhsa – Athbhunaithe
Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2020, Babhta 2 d’Ealaíontóirí agus Coimeádaithe
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, 20 Lúnasa 2020
Nuacht ón bPobal
Tá Music Generation Kildare ag earcú
Gairmeacha Oscailte: Tionscadal Taighde
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2021 – Babhta 1

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad cheann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) d’fhéilte a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2021.

Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.

Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte tacaíocht a chur ar fáil d’fhéilte beaga chun a ngníomhaíocht féile a sheachadadh. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.  

(Tabhair faoi deara gur tosaíocht íseal iad imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla)

Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:

  • Banda A: Suas le €7,000  
  • Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
  • Banda C Idir €20,001 agus €35,000

Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte a bhfuil aidhm ealaíonta ar leith acu chun cinn agus a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2021 cur isteach ar Bhabhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Iarratais ar oscailt:                       23 Meitheamh 2020

Spriocdháta d’iarratais:                             23 Iúil 2020 ag 5.30pm

Eiseofar torthaí na gcinntí:          Meán Fómhair/Deireadh Fómhair 2020

 

Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim Infheistíochta na bhFéilte.

Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.

 

Téigh i dteagmháil le Foireann na bhFéilte na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh faisnéise a fháil:

Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260

Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284