San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Treoirlínte Rannpháirtíochta Pobail do na Meáin Shóisialta de chuid na Comhairle Ealaíon
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2021
Reáchtálfaidh foireann na bhFéilte dhá chlinic fhíorúla don Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne i mí Dheireadh Fómhair 2020.
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE IN UCC - Gairm ar iarratais
Comhairleoirí taighde ceaptha don Oíche Chultúir
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
Iarratais á lorg ó phíobairí agus ó chruitirí do Bhonn Óir Seán Ó Riada
Open House Dublin - The Extraordinary Ordinary Ar líne + Ar an Láthair, 8–11 Deireadh Fómhair 2020
Coimisiún Ceoil Chomhairle Contae Ros Comáin 2020/2021
Iarratais á lorg ó phíobairí agus ó chruitirí do Bhonn Óir Seán Ó Riada

Tá Peadar Ó Riada ag glacadh le hiarratais anois ó phíobairí agus ó chruitirí do chomórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo.  Is é Dé hAoine 16 Deireadh Fómhair an spriocdháta.   

Reáchtáiltear Bonn Óir Seán Ó Riada gach bliain tríd an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bíonn uirlis éagsúil i gceist gach bliain.  I mbliana, is iad na píobaí agus an chruit atá i gceist, agus piocfar buaiteoir amháin ar gach uirlis, agus beidh  duais €2500 agus Bonn Óir ag dul chucu beirt. 

Le cur isteach ar an gcomórtas, caithfidh iarrthóirí 5 phíosa ceoil a thaifead, gan tionlacan, agus iad a íoslódáil chuig www.cuireadhchunceoil.ie faoin Aoine 16 Deireadh Fómhair. 

Fógrófar an gearrliosta ag tús mhí na Nollag, agus tabharfar cuireadh do na ceoltóirí sin a bheith páirteach sa chraobh in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh Dé hAoine 5 Feabhra, a chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is féidir breis eolais faoin gcomórtas a fháil ag www.cuireadhchunceoil.ie, agus is féidir cur isteach ar an gcomórtas tríd an suíomh sin freisin. 

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas.