Tá earcaíocht á dhéanamh ag Féile na Bealtaine faoi láthair do Chomhordaitheoir Ealaíon agus Cultúir ar bhonn páirtaimseartha. Is é Dé hAoine an 12 Lúnasa an spriocdháta i gcomhair na n-iarratas.
Eagraíocht neamhrialtasach is ea Age & Opportunity a spreagann daoine le roghanna a dhéanamh a mbeidh saol sásúil, folláin mar thoradh orthu agus muid ag dul in aois. Ó 1988 i leith, tá tionchar againn ar bheartas agus tá sé á mhúnlú againn chun rannpháirtíocht ghníomhach daoine breacaosta a chinntiú ar bhealaí a théann chun tairbhe ár bpobal agus na sochaí i gcoitinne.
Is muid an phríomheagraíocht a sholáthraíonn cláir ar fud na tíre sna healaíona (Féile náisiúnta na Bealtaine), gníomhaíocht choirp (an Clár Go For Life) agus saoránacht ghníomhach agus foghlaim ar feadh an tsaoil (na Cláir Get Vocal and Get Engaged, agus Creative Exchanges), ionas gur féidir le gach duine breacaosta saol saibhir agus éagsúil a bheith acu.
Tá Féile na Bealtaine dár gcuid, ina gcomóirtear an chruthaitheacht i rith ár saoil, ar an bhféile ealaíon chomhoibríoch is mó in Éirinn, agus ar cheann de na féilte is sine dá leithéid, agus tá líon féilte idirnáisiúnta comhchosúla spreagtha léi. Cé go bhfuil an fhéile ag croílár chlár ealaíon agus cultúir Age & Opportunity, cuimsítear tionscnaimh eile sa chlár ealaíon agus cultúir amhail Samhain (imeacht ina mbreathnaítear ar an tréith dhorcha a bhaineann leis an aosú), Cultural Companions (grúpa daoine bunaithe ar bhallraíocht a bhfuil suim acu freastal ar imeachtaí ealaíon agus cultúir le chéile), agus Beosach (iris idirnáisiúnta ealaíon agus cultúir Age & Oppurtunity).
Faightear maoiniú dár gcuid oibre den chuid is mó ó FSS, Sport Ireland, ón gComhairle Ealaíon agus ó Dhaonchairdeas an Atlantaigh.
Tá earcaíocht á déanamh againn faoi láthair le haghaidh
Comhordaitheoir Ealaíon agus Cultúir (páirtaimseartha)
Ní mór d’iarratasóirí cuntas teiste trí bliana ar a laghad de thaithí agus de shaothar a bheith acu sa réimse um bainistíocht na n-ealaíon. Tá cáilíocht ar leibhéal céime i réimse maidir leis na healaíona nó a coibhéis inmhianaithe.
20 uair an chloig sa tseachtain atá i gceist leis an bpost seo, Dé Luain go dtí Dé Céadaoin, agus teastaíonn uainn go mbeadh na hiarratasóirí an-solúbtha.
Conradh sainchuspóra bliana atá i gceist leis an bpost seo agus féadfar é a athnuachan faoi réir feidhmíochta agus infhaighteacht maoinithe.
Is ionann an tuarastal agus thart ar €36,000 pro-rata (€19,200 as 20 uair an chloig)
Tá sainchuntas iomlán an phoist, sonraíocht faoin bpearsa agus foirm iarratais ar fáil ar ár suíomhanna gréasáin www.ageandopportunity.ie agus www.bealtaine.com.
Comhlánaigh foirm iarratais agus litir chumhdaigh agus seol iad chuig
Karen Smyth,
PRÍOMHOIFIGEACH FEIDHMIÚCHÁIN
Age & Opportunity,
Foirgneamh Phádraig,
Institiúid Oideachais Marino,
Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9
(nó Karen.Smyth@ageandopportunity.ie faoi 5pm Dé hAoine an 12 Lúnasa.
Tabhair faoi deara, le do thoil nach nglacfar le CVanna - ní mór iarratais a dhéanamh trínár bhfoirm iarratais agus trínár litir chumhdaigh.
Beidh agallaimh ar siúl Dé Céadaoin an 24 Lúnasa.
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Age & Opportunity.