I nuachtlitir na míosa seo, tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt gur bronnadh Comhaltacht Jerome Hynes 2011/2012 ar Jo Mangan.
Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon tús go gairid le comhphlé le hearnáil na ceoldrámaíochta agus le páirtithe leasmhara eile maidir le soláthar ceoldrámaíochta amach anseo.
Tá faisnéis againn maidir le Scéim Spás Oibre na bhFísealaíontóirí 2012 trína ndámhtar deontais suas le €30,000 i dtreo costais reatha m.sh. solas, teas, cíos, cláir forbartha ealaíontóirí, riarachán agus/nó costais tuarastal oiriúnacha eile. Déanfar an maoiniú seo a thairiscint ar bhonn aonuaire don bhliain 2012.
Tá roinnt meabhrúchán againn freisin, mar shampla, fógra maidir leis an spriocdháta atá ag druidim linn i gcomhair na n-iarratas ar dheontas do Scéim na bhFéilte Beaga 2012 (Babhta a hAon) agus do na Dámhachtainí Deis. Is é an 9 Meán Fómhair 2011 an spriocdháta atá i gceist sa dá chás. Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt freisin go n-osclóidh iarratais ar líne go luath i Meán Fómhair 2011 do shraith réamhphleanála nua de Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair 2013.
Tá cinntí maidir le Scéim Comhpháirtíochta na nÚdarás Áitiúil sa nuachtlitir freisin. Dearadh an Scéim chun comhfhiontair nua a spreagadh idir údaráis áitiúla, eagraíochtaí ealaíne, grúpaí agus eile. Tugtar cinntí maidir lenár dtrí Scéim Téatair, trína bhfuil os cionn €300,000 á leithdháileadh. Thug an Chomhairle Ealaíon an tionscnamh seo isteach in 2010 mar chuid dár dtacaíocht leanúnach do léiriú agus do chur i láthair na drámaíochta.
Guíonn an Chomhairle Ealaíon rath ar chompántais téatair i Nua-Eabhrac ag an bhféile 1st Irish. Beidh Fishamble (Baile Átha Cliath), Tall Tales (An Uaimh) agus Cirque de Légume (Sligeach) ag glacadh páirte san fhéile, a bheidh ar siúl ar feadh míosa ag tosú ar an 5 Meán Fómhair.
Tá roinnt nuachta againn sa chuid ealaíon sa phobal den nuachtlitir. Ar deireadh, tá áthas orm a rá go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ar an gearrliosta i gCatagóir na Dámhachtainí ríomhRialtais sna Dot ie Net Visionary Awards arna n-eagrú ag an Irish Internet Association. Is in aitheantas ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne atá an t-ainmniúchán seo. Féach ar www.iia.ie/net-visionary/vote/ chun gearrliosta na catagóire agus faisnéis vótála an phobail a fháil. Fógrófar buaiteoir na catagóire an 30 Meán Fómhair.
Mary Cloake, Stiúrthóir