Tá a gcuid maoinithe faighte ag gach eagraíocht don bhliain Aibreán 2013 - Márta 2014. Is léir nach bhfuil cúrsaí go maith faoi láthair ó thaobh acmhainní de. Ba é an dúshlán a bhí le sárú ag an gComhairle Ealaíon ná ár seacht ndícheall a dhéanamh leis an méid a bhí againn.
Tuigim go bhfuil díomá ar go leor eagraíochtaí mar thoradh ar an maoiniú atá á thairiscint. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil laghdú os cionn 30% tagtha ar mhaoiniú na Comhairle Ealaíon ó 2008 i leith. Níl dóthain acmhainní againn ar chor ar bith chun éileamh na n-eagraíochtaí faoinár gcláir maoinithe agus éileamh na n-ealaíontóirí a dhéanann iarratas faoi dhámhachtainí agus faoi scéimeanna maoinithe eile a chomhlíonadh.
Tá sé tábhachtach an dúshlán atá le sárú ag eagraíochtaí a aithint agus gan beag is fiú a dhéanamh de ar bhealach ar bith. Tá sé tábhachtach freisin bealach a phleanáil chun teacht aniar ó thréimhsí deacra. Is é ról na Comhairle Ealaíon ná tacú leis na healaíona in Éirinn agus iad a fhorbairt. Tá sé mar aidhm againn do 2013 cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais na n-eagraíochtaí reatha agus ealaíontóirí agus cleachtóirí atá ag teacht chun cinn. Creidim go láidir go bhfuil an straitéis atá mar bhunús lenár gcur chuige ceart.
Tá súil againn, mar sin, trí dhámhachtainí tionscadail, sparánachtaí, coimisiúin, cistí gníomhaíocht cláir, camchuairteanna, féilte agus imeachtaí agus scéimeanna eile go dtacófar le go leor daoine aonair agus eagraíochtaí de bhreis in 2013.
Is obair idir lámha atá i mbaint amach athruithe agus éifeachtúlachta sna bealaí ina ndéanaimid ár seirbhísí a sholáthar. Beidh roinnt athruithe ag teacht i bhfeidhm sna seachtainí atá amach romhainn. Ar an gcéad dul síos, beidh gach íocaíocht láraithe i bhfoireann íocaíochtaí nua seachas a bheith á bpróiseáil i bhfoirne ealaíon. Seolfar ríomhtheachtaireacht sna laethanta atá romhainn ina dtabharfar na sonraí go léir maidir leis na hathruithe, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin nua, chuig gach duine aonair agus eagraíocht atá ag fáil maoinithe faoi láthair. Táimid muiníneach go mbeifear ábalta íocaíochtaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapa mar thoradh ar an gcóras nua seo. Táimid ag scríobh freisin chuig eagraíochtaí atá maoinithe trínár gcláir deontais lena mbaineann na hathruithe pearsanra a rinneadh le déanaí agus cuirfear aon athruithe atá déanta ar fhoireann ealaíon in iúl dóibh nuair is infheidhme.
Tá na hathruithe seo go léir déanta ag an gComhairle Ealaíon chun ár sainchúram mar ghníomhaireacht shaineolach a stiúrann agus a fhorbraíonn na healaíona in Éirinn agus a thacaíonn leo a chomhlíonadh níos fearr.
Le dea-mhéin,
Orlaith McBride
Stiúrthóir