San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Nollag dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Meantóireacht Chruthaitheach i gcomhair Féilte
Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an ngairm ar ‘oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe’
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m. Déardaoin, an 25 Eanáir 2018
Athruithe ar Mhaoiniú do na hEalaíona Traidisiúnta in 2018
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30pm, Déardaoin an 15 Feabhra 2018
Maoiniú Deontais do na hEalaíona – spriocdháta 8 Márta 2018
Nuacht ón bPobal
Gradam Comharcheoil: ‘Concert’ arna chruthú ag Colin Dunne le Sinéad Rushe agus Mel Mercier
Garraí an Ghiorria faoi lán seoil Ag síolrú agus ag spreagadh na drámaíochta Gaeilge
Cuirfidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Oíche Fhada an Ghearrscéil i láthair
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Tacaíocht do Thionscadail Chomhair Eorpacha 2018
Glaoch ar iarratais: Oiliúint do Bhainisteoirí Cultúrtha
Sracfhéachaint ar Thionscadal Comhair 2017 anseo in Éirinn
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon buaiteoirí Dhámhachtain Cómhaoinithe na hEorpa Cruthaithí 2017
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30pm, Déardaoin an 15 Feabhra 2018

Tairgfidh an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Tionscadail sna catagóirí seo a leanas:

 

  • Rannpháirtíocht sna hEalaíona
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Ceol
  • Sráidealaíona agus Seónna
  • Na hEalaíona Traidisiúnt
  • Amharclann

 

Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas. Is féidir na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon ó lár mhí na Nollag.

 

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí.

 

Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh:

Eagraíochtaí atá ag fáil maoiniú deontais cheana féin le haghaidh 2018. Is é atá i gceist anseo, eagraíochtaí atá ag fáil Maoiniú Straitéiseach, Maoiniú Ionad nó Maoiniú Comhpháirtíochta.

 

TABHAIR FAOI DEARA: ní féidir iarratas a dhéanamh ar Mhaoiniú Tionscadail agus ar Mhaoiniú Cláir araon in 2018.

 

Is é an spriocdháta le haghaidh gach ceann de na dámhachtainí thuas ná 5.30pm, Déardaoin an 15 Feabhra 2018.  Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas.  D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

 

Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: http://www.facebook.com/artscouncilireland