San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Cuirtear Tradition Now 2019 i láthair sa Cheoláras Náisiúnta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, agus beidh taibhithe le Lisa O’Neill, Ye Vagabonds, Sam Amidon, Catherine Ennis, Steve Cooney, Kíla mar chuid den Fhéile seo a bheidh ar siúl ar feadh Sé Lá
Dáta don dialann - Comhdháil na bhFéilte, 2020
Scoileanna Ildánacha Fógraíodh 150 scoil ildánach nua le déanaí
Imeachtaí Náisiúnta Ceiliúrtha na Scoileanna Ildánacha
Tairiscint foilsithe maidir le hÁiteanna Ildánacha Thuama a bhainistiú agus a sholáthar
Post mar Chomhalta Scríbhneoireachta Cruthaithí ag Ollscoil Luimnigh in 2020
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 2
Dámhachtainí Taistil agus Oiliúna d’Fhéilte in 2019
Nuacht ón bPobal
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Damhsa Éireann
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Imeacht líonraithe saor in aisce de chuid na hEorpa Cruthaithí le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath
Music Moves Europe: Glaoch ar Iarratais
Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh 2020 - Éisteachtaí in ÉIRINN!
Imeacht líonraithe saor in aisce de chuid na hEorpa Cruthaithí le linn Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath

Dáta: Dé Máirt, 8 Deireadh Fómhair 2019, 4–6 pm 

Láthair: Ionad Ealaíon Project, 39 Sráid Essex Thoir

Bí linn agus éist le heagraíochtaí atá rannpháirteach in BeSpectACTive!. Is tionscnamh é seo a spreagann agus a scaipeann dea-chleachtais den ‘fhéachadóireacht ghníomhach’ trí shamhail nuálach d’fhorbairt lucht féachana is féidir a roinnt le heagraíochtaí eile.

Is deis uathúil é seo le cloisteáil ó na daoine a ghlacann páirt dhíreach i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm tionscadal mór de chuid na hEorpa Cruthaithí. Gheobhaidh tú tuiscint níos deimhne ar gach ar mian leis an Eoraip a bhaint amach leis an maoiniú ó éisteacht le rannpháirtithe an tionscadail, agus fiosrófar buntáistí féideartha an tionscadail d’eagraíochtaí, do luchtanna féachana, agus don earnáil níos leithne anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa. 

I ndiaidh réamhrá ó Dheasc Eoraip Chruthaitheach Éireann – Oifig Cultúir reáchtálfar plé painéil idirghníomhach agus ansin beidh fáiltiú líonraithe do na rannpháirtithe.

Tá na ticéid saor in aisce ach ní mór iad a chur in áirithe ar Eventbrite anseo.