Déardaoin, an 28 Eanáir, 2021 – Dámhachtainí Sparánachta
 |
Is é Déardaoin, an 28 Eanáir 2020, ag 5.30pm, an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon
Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt, an 15 Nollaig 2020.
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Féadfaidh ealaíontóirí a bhíonn ag plé leis na cineálacha ealaíne seo a leanas iarratas a dhéanamh ar an mbabhta den Dámhachtana Sparánachta atá ag teacht aníos:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla)
- Litríocht (Gaeilge)
- Ceol
- Ceoldrámaíocht
- Sráidealaíona agus Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Na hAmharc-ealaíona
- Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Foilseofar treoirlínte maidir leis na dámhachtainí uile atá ar fáil ag tús mhí na Nollag sa rannán ‘maoiniú atá ar fáil’ar ár suíomh gréasáin
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|