San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Comhdháil Óige Ildánach 2021
Ceann Comhionannais, Éagsúlachta gus Ionchuimsithe (EDI)
Tuarascáil Benson
Foilsiú na Tuarascála faoin Éagsúlacht agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon 2020
An mian leat iarratas a dhéanamh ar Chomhaltacht Fulbright um Chlár Éire Ildánach?
Réamhléiriú de ‘Entaglement’, taispeántas 2021 de Phailliún na hÉireann sa Veinéis
Breac síos an dáta! Clinic Eolais ar líne atá ag teacht aníos maidir le dámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2021
Seisiún faisnéise i ndáil le scríbhneoirí agus daoine aonair atá i mbun oibre sa litríocht: Dámhachtain Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon
Deontais agus Dámhachtainí
An Scéim um Chleachtas Amaitéarach agus Deonach
Spriocdháta do Scéim Ensembles na nÓg 2021 - 15 Aibreán
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Ghairmeacha Oscailte 2022
Meabhrúchán faoi Scéimeanna Amharclannaíochta le Teacht
Spriocdhátaí nua fógartha don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair le haghaidh 2022
Spriocdháta: An Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta
Nuacht ón bPobal
Fógraíonn First Fortnight imeacht a chomhbhunaitheora agus a phríomhfheidhmeannaigh, David Keegan
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021
Seachtain Scoileanna Ildánacha
Clinicí faisnéise ar líne do scoileanna agus d’Ionaid Ógtheagmhála atá ag súil le hiarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2021
Scoileanna Ildánacha/Creative Schools 2021

Is díol mór sásaimh do Scoileanna Ildánacha/Creative Schools deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh le scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 6 Aibreán ar aghaidh agus is é an spriocdháta le haghaidh iarratas 17:30, Déardaoin, an 6 Bealtaine 2021.  

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú i bhfad roimh an spriocdháta. Is féidir breathnú ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha anseo.

Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Faoin tionscnamh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálaíoch a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Cuirfidh sé ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí oibre nua lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.

Cuirfear réimse tacaíochtaí ar fáil do scoileanna/ionaid rannpháirteacha lena dtabharfar deis dóibh oibriú le Comhlach Cruthaitheach, dul faoi oiliúint agus aithne a chur ar dhaoine chun tacú leo lena bPlean Scoile Ildánaí a chur le chéile, mar aon le síolmhaoiniú le go mbeidh siad in ann an Plean a chur chun feidhme.

Freagróidh na Comhlaigh Chruthaitheacha ar thosaíochtaí agus ar riachtanais forbartha na scoile/an ionaid d’fhonn cabhrú leo le deiseanna ealaíon agus cruthaitheacha a dhaingniú do leanaí agus do dhaoine óga. Tarraingeoidh siad as a dtaithí phraiticiúil féin d’fhonn comhpháirtíochtaí a fhorbairt agus d’fhonn modhanna a bhunú trína mbeidh scoileanna/ionaid, earnáil na n-ealaíon agus an earnáil chultúrtha in ann caidrimh inbhuanaithe a chothú.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.