San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí an Mheithimh dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Meitheamh 2019
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta don Dámhachtain Authored Works 2019
Dámhachtainí Taistil agus Oiliúna d’Fhéilte in 2019.
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: 5.30pm, Déardaoin an 15 Lúnasa 2019
Scéim Spás Oibre na bhFísealaíon
Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon Babhta 2
Achoimre
Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, 2019
Dámhachtain Ailtireachta atá le teacht lena n-áirítear an Dámhachtain Tionscadail Ailtireachta nua
Gairmeacha Oscailte 2020
Nuacht ón bPobal
Oifigeach Forbartha Music Generation (5 PHOST) Ciarraí; Cill Dara; An Longfort; An Mhí; Tiobraid Árann
Triúr Ceoltóirí Cónaithe ainmnithe ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin le haghaidh 2019.
Cónaitheacht chruthaitheach de Chumann Onórach Óstaí an Rí agus de Chompántas Cultúrtha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Glaoch ar iarratais: sparánacht doiciméadúcháin artsandhealth.ie 2019
Oifigeach Forbartha Music Generation: Sligeach (athfhógra)
FÓGRAÍONN MUSIC GENERATION GO mBEIDH SIAD I gCÚIG CHEANTAR NUA IN ÉIRINN: CIARRAÍ; CILL DARA; AN LONGFORT; AN MHÍ; TIOBRAID ÁRANN MAR CHUID DEN CHLÁR ÉIRE ILDÁNACH
Tá Music Network ag iarraidh Bainisteoir Airgeadais (páirtaimseartha) a cheapadh
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Ócáid saor in aisce! Culture in Motion – Líonraí Cultúrtha Eorpacha agus an luach a bhaineann le nascadh: Gaillimh, 27 Meitheamh 2019
Treoirscéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí agus do Ghairmithe Cultúir (Na Taibhealaíona agus na hAmharc-ealaíona) – dhá spriocdháta atá ag teacht aníos idir inniu agus Meán Fómhair 2019!
Comhghairdeas le Jen Carson ar fógraíodh í mar dhuine de na ceithre laureate déag ar bronnadh Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht 2019 orthu ar an 22 Bealtaine 2019.
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta: 5.30pm, Déardaoin an 15 Lúnasa 2019

Tairgfidh an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Tionscadail sna catagóirí seo a leanas:

 

  • Ailtireacht
  • Rannpháirtíocht sna hEalaíona
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Ceol
  • Sráidealaíona agus Seónna
  • Amharclannaíocht
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Amharc-ealaíona

 

Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas. Beidh na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain ar fáil le híoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ó lár mhí an Mheithimh ar aghaidh.

 

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí.

 

Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh:

Eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi láthair faoi chláir dheontais na Comhairle Ealaíon (Maoiniú Straitéiseach, Maoiniú Ionad agus Maoiniú Comhpháirtíochta)

 

Eagraíochtaí agus daoine aonair a fhaigheann Maoiniú Deontais do na hEalaíona faoi láthair, mura gcuireann an Chomhairle Ealaíon a mhalairt in iúl go sonrach

 

TABHAIR FAOI DEARA: níl cead ag eagraíochtaí cur isteach ar an Dámhachtain Tionscadail 2020 agus ar an Maoiniú Straitéiseach 2020 araon

 

Is é an spriocdháta le haghaidh gach ceann de na dámhachtainí thuas ná 5.30pm, Déardaoin an 15 Lúnasa 2019.  Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas.  D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

 

Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: http://www.facebook.com/artscouncilireland