San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Sealbhuithe nua na Comhairle Ealaíon – 2021
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh & i bhFómhar 2021
Treoirlínte COVID-19 le haghaidh Cur i láthair Sábháilte Féilte agus Imeachtaí Beo.
Forbairt Bheartas nua na Comhairle Ealaíon maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Uirlisí Digiteacha do na hEalaíona
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon
Clinicí Amharclannaíochta atá le Teacht
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2022
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2022
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Nuacht ón bPobal
Breac síos an Dáta!
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021

Is é spriocdháta an chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Tionscadail na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021 ag 5.30pm.

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 20 Iúil 2021.

Tairgfidh an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Tionscadail sna catagóirí seo a leanas:

  • Ailtireacht
  • Rannpháirtíocht sna hEalaíona
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Litríocht
  • Ceol
  • Sráidealaíona agus Seónna
  • Amharclannaíocht
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Na hAmharc-ealaíona
  • Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas

 

Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas. Is féidir na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon i lár mhí Iúil.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh:

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí.

Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh:

  • Eagraíochtaí atá ag fáil maoiniú faoi na cláir seo a leanas de chuid na Comhairle Ealaíon faoi láthair: Fáiltítear roimh Mhaoiniú Straitéiseach, Maoiniú Ionad Ealaíon, Maoiniú Comhpháirtíochta - trí rannpháirtíocht a leithéid d’eagrais mar chomhpháirtithe
  • Eagrais nó daoine aonair a mbeadh iarratas le haghaidh Maoiniú Deontais do na hEalaíona in 2022 curtha isteach cheana acu
  • Comhaltaí de Chomhairle na nInstitiúidí Náisiúnta Cultúrtha atá maoinithe go díreach ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
  • Daoine aonair nó eagraíochtaí nach bhfuil cuntas teiste inléirithe mar ealaíontóirí ná eagraíochtaí gairmiúla acu
  • Daoine atá i mbun oideachais fochéime faoi láthair (lena n-áirítear iad siúd atá ag gabháil do chúrsaí bonnchéime) nó a bheidh ina bhun le linn na tréimhse a bhfuil an dámhachtain seo ar fáil.
  • Daoine atá ag lorg tacaíochta i dtreo táillí le haghaidh oideachas iarchéime (lena n-áirítear neamhchreidiúnaithe)/ardoideachais nó staidéir
  • Tabhair faoi deara: ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar an dámhachtain mar dhuine aonair agus mar bhall d’eagraíocht – e.g. ní féidir leat iarratas a dhéanamh mar stiúrthóir ealaíne ar chuideachta agus iarratas a dhéanamh faoi d’ainm féin freisin Ní thabharfar tosaíocht d’iarratais a dhéanann amhlaidh agus d’fhéadfaí iad a mheas mar neamh-incháilithe ó aon iarratas eile a dhéanamh.

 

Tabhair faoi deara: níl cead ag eagraíochtaí cur isteach ar Dhámhachtain Tionscadail agus ar Mhaoiniú Straitéiseach 2022 araon.

 

Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas.  D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.

Lean sinn ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta le haghaidh nuashonruithe agus cúnaimh:

Twitter: @artscouncil_ie

Facebook: @artscouncilireland

Instagram: @artscouncilireland