San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Aird á dhíriú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn ar ‘Ceird an Taighde’ mar chuid den fheachtas #LoveIrishResearch
Deontais agus Dámhachtainí
Clinic Eolais le haghaidh Sparánachtaí Litríochta
Dámhachtainí Tionscadail Spriocdháta
Nuacht ón bPobal
Cuireann UCD fáilte roimh iarratais ar dhá ánracht scríbhneoireachta cruthaithí
Cuireann Music Generation fáilte roimh iarratais ar phost mar Bhainisteoir Tacaíochta agus Forbartha
Aird á dhíriú ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn ar ‘Ceird an Taighde’ mar chuid den fheachtas #LoveIrishResearch

#LoveIrishResearch – ar tionscnamh de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn é – a reáchtáiltear le linn 2016 a bhfuil rún ann cur le tuiscint an phobail ar an taighde tábhachtach a dhéantar sna hinstitiúidí ardoideachais ar fud na tíre.

Is é aidhm an fheachtais aird a tharraingt ar an obair den scoth a dhéanann taighdeoirí na hÉireann thar iliomad réimsí agus an obair sin a cheiliúradh. Gné lárnach a ndírítear air ná gur chuir an taighde a rinneadh in Éirinn leis an tuiscint atá againn ar ár gcultúr agus ar ár socaí féin, agus is dá bharr sin a tháinig smaointe nua chun cinn a bhfuil tionchar acu ar ár saol ar réimse leathan bealaí. Is annamh a dhéantar é sin a cheiliúradh ná a ghlactar leis go poiblí áfach.

Ceiliúrtar téamaí éagsúla gach mí mar chuid de #LoveIrishResearch, i mí Iúil dírítear ar na hEalaíona agus an Taighde – ‘Ceird an Taighde’.

Is é a dúirt an Dr Eucharia Meehan, Stiúrthóir na Comhairle um Thaighde in Éirinn, faoin bhfeachtas #LoveIrishResearch: “Tá neart taighde ar bun in Éirinn ar iliomad ábhar – ó bhóíní Dé a chaomhnú go hamhránaíocht thraidisiúnta Ghaelach a fhiosrú. I gcás na nEalaíon, táthar ag déanamh taighde thar raon taibhealaíon agus cleachtadh ealaíne.”

“Chomh maith leis sin in Éirinn, táimid níos fearr ná ár gcosúlacht ó thaobh an taighde de. Áirítear deichniúr taighdeoirí de chuid na hÉireann i measc an t-aon faoin gcéad is fearr taighdeoirí atá ag obair ar an ardán domhanda faoi láthair, agus tá Éire sa naoú háit ar rangú eolaíoch domhanda is déanaí Thomson Reuters InCites.

“Tríd is tríd, táimid sa chúig thír is fearr atá ann i líon réimsí, lena n-áirítear an naineolaíocht, an nanaitheicneolaíocht, an imdhíoneolaíocht, eolaíocht ríomhaireachta, agus an néareolaíocht agus iompraíocht.

Is minic nach nglactar leis i gcás na n-ealaíon agus na ndaonnachtaí, de réir rangú QS go bhfuil ollscoileanna na hÉireann i measc an 100 ollscoil is fearr atá ann, mar sin tá siad i measc an chéad 0.5 faoin gcéad is fearr de na hollscoileanna sna réimsí sin ar fud an domhain.

“Is suntasach na héachtaí iad sin do thír dá méid, agus chuir taighdeoirí ar fud na tíre leis an rath sin”.

Mar chuid den tionscnamh, d’fhógair an Chomhairle um Thaighde in Éirinn feachtas náisiúnta ina ndéantar cuntas a thabhairt trí na meáin shóisialta, trí phostálacha blag agus trí thaighde ar chaidreamh leis na meáin, ar thaighdeoirí a bhí ann agus atá ann, ó gach aon chontae in Éirinn. I measc na ngníomhaíochtaí eile beidh imeachtaí taispeántais réigiúnacha agus institiúideacha; comórtais agus gradaim; rannpháirtíocht le himeachtaí idirnáisiúnta atá á reáchtáil in Éirinn; clár ar leith Dheich mBliana na gCuimhneachán agus sraith foilseachán.







Email Software by Newsweaver