Tá clú agus cáil ar Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann mar gheall ar a rímháistreacht agus a foireann de cheoltóirí iontacha a chuireann taibhithe spleodracha i láthair in Éirinn agus thar lear. Beidh cóstóir roithleáin d’fhuaimeanna ilathraitheacha ó gach cineál ré le cloisteáil sna ceolchoirmeacha a chuirfidh siad ar siúl i mí Feabhra i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach ar an 13 agus an 14 Feabhra.
Tá saothar deiridh Beethoven, Gross Fuge, mar bhuaicphointe oidhreacht an mháistir. Tar éis dó a bheith ina cheannródaí i saol an cheoil ar feadh na mblianta, thuig sé gurbh é seo an t-am ceart a pheann a leagan síos le go mbeadh deis ag ceoltóirí eile a bhí ag teacht chun cinn. Is saothar mealltach é Gross Fugue, agus téann an lucht éisteachta ar ais chuig domhan Beethoven agus é chomh héifeachtach inniu is a bhí sé 300 bliain ó sin!
Is saothar ar leith é Symphony No. 9, nó Swiss mar a thugtar air, le Mendelssohn, mar gheall ar na sleachta ó amhráin gheoidile atá le cloisteáil ann. Is sampla den scoth é an saothar seo de cheoltóir ag triail le huigeacht, le huirlisí agus le fuaimeanna agus is é an píosa is fearr óna Shiansaí do na Sreanga mór le rá.
Tá Symphonic Serenade a chum Korngold, nach gcloistear go minic, níos gaire do shiansa ná saranáid. Bhí na téamaí ó na fuaimrianta scannán a chum sé mar inspioráid dó agus é ag cumadh ceoil i ndiaidh an chogaidh agus na laethanta a chaith sé in Hollywood. Tá Serenade, a chum sé sa chuid deiridh dá shaol, ar cheann de na píosaí is fearr a chum sé riamh. Cuireann Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann beocht leis an saothar iontach seo.
Is saothar gearr é Aria le Widmann, atá cosúil le caoineadh agus a dhíríonn ar áilleacht an toin. Tá neart guthanna samhailteacha mar chuid den saothar ceoil seo, guthanna draíochta a théann in airde go tapa agus ansin a thagann anuas chuig réim an-íseal.
Tapaigh an deis an dá thaibhiú iontacha seo le Jörg Widmann agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann a fheiceáil. Beidh Voices from the Edge ar siúl in Ardeaglais Chríost, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 13 Feabhra agus in Ardeaglais Mhuire, Luimneach, Déardaoin, 14 Feabhra. Tá ticéid ar fáil ó www.irishchamberorchestra.com
Tá Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann lonnaithe i nDámh Chruinne Éireann: Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh. Faigheann sí maoiniú ón gComhairle Ealaíon. Tacaíonn Cultúr Éireann leis an gcamchuairt idirnáisiúnta.
Tá tuilleadh faisnéise/íomhánna ar fáil ó charlotte.eglington@ul.ie
Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann
Jörg Widmann An Príomhstiúrthóir
VOICES FROM THE EDGE
Beethoven Grosse Fuge, Op. 133
Korngold Symphonic Serenade, Op. 39
Widmann Aria le haghaidh Sreang
Mendelssohn String Symphony No. 9 Swiss
Dé Céadaoin, 13 Feabhra Ardeaglais Chríost, Bhaile Átha Cliath @ 8:00 pm
Déardaoin, 14 Bealtaine Ardeaglais Mhuire, Luimneach @ 8:00 pm
Ticéid €25, €22, €10 do mhic léinn agus €5 do leanaí www.irishchamberorchestra.com