San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Bealtaine dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
EALAÍN: 2016: Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Fógrófar Laureate nua na nÓg ar an 17 Bealtaine
Ealaíontóir Scannán Cónaithe Scríbhneoir Scáileáin
Deontais agus Dámhachtainí
Príomhchláir Maoinithe Ioncaim: Spriocdháta d’iarratais luatha
An chéad spriocdháta eile don Dámhachtain Deis – 5.30pm, Déardaoin, an 9 Meitheamh 2016
Spriocdháta na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht - 5:30i.n., Déardaoin, an 9 Meitheamh 2016
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30pm, Déardaoin, an 14 Iúil 2016
Nuacht ón bPobal
Comhdháil litríochta Words Ireland – an 19 Bealtaine
Príomhchláir Maoinithe Ioncaim: Spriocdháta d’iarratais luatha

Glacfaidh an Chomhairle Ealaíon le hiarratais ar na príomhchláir deontais ioncaim le haghaidh 2017 idir an 19 Iúil 2016 agus an 8 Meán Fómhair 2016

I mbliana, tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt an spriocdháta d’iarratais ar na príomhchláir maoinithe ioncaim 2017 ceithre seachtaine chun tosaigh. Tá seo á dhéanamh ionas go bhfaighidh iarratasóirí cinntí go luath maidir le maoiniú le haghaidh 2017.

Glacfaidh an Chomhairle Ealaíon le hiarratais ar na príomhchláir deontais ioncaim le haghaidh 2017 idir an 19 Iúil 2016 agus an 8 Meán Fómhair 2016, rud a fhágann go mbeidh seacht seachtaine ag daoine le cur isteach orthu. Cuimhnigh nach mbeidh an Chomhairle Ealaíon in ann glacadh le hiarratais tar éis 5.30i.n. an 8 Meán Fómhair 2016.

Eiseofar cinntí maoinithe maidir le hiarratais ioncaim le haghaidh 2017 faoi dheireadh mhí na Samhna 2016.

Cuirfear tuilleadh sonraí agus an t-eolas is déanaí ar fáil i nuachtlitreacha amach anseo agus ar www.artscouncil.ie

Email Software by Newsweaver