San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Mheán Fómhair dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Imeachtaí Poiblí a nglacfaidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach páirt iontu
Deimhniúchán ón gComhairle Ealaíon: Alan Gilsenan ceaptha mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe in UCC
Danny Denton ceaptha mar Scríbhneoir Cónaithe 2019-20 i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
Seirbhísí Léiriúcháin Chruthaithigh – Scéim Phíolótach chun Acmhainní Amharclannaíochta a Chomhroinnt
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte, 2020 – Babhta 2
Glao Deiridh do Dhámhachtainí Taistil agus Oiliúna d’Fhéilte in 2019
Nuacht ón bPobal
Gairm tograí: From Access to Inclusion 2020; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus an gCultúr
Aonach Úrscéalta 2020 Áras na Scríbhneoirí
Reáchtálfaidh Arts & Disability Ireland agus The Kennedy Center From Access to Inclusion 2020; Cruinniú mullaigh ar na hEalaíona agus an Cultúr idir an 11 agus an 14 Bealtaine 2020.
Bí le CREATE agus a gcomhpháirtithe Gailearaí Ealaíne Crawford (Corcaigh), Counterpoints Arts (Londain), Oifig Ealaíon Chathair Chorcaí agus Heart of Glass (St Helens) le páirt a ghlacadh i Lá Líonraithe CREATE le haghaidh na nEalaíon Comhpháirteach in 20
Danny Denton ceaptha mar Scríbhneoir Cónaithe 2019-20 i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuiltear tar éis an t-úrscéalaí Danny Denton a cheapadh mar Scríbhneoir Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.  Tá an ról mar Scríbhneoir Cónaithe cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.

Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.

Beathaisnéis

Is scríbhneoir ó Chontae Chorcaí é Danny Denton. D’fhoilsigh Granta Books a chéad úrscéal, The Earlie King & The Kid In Yellow, in 2018, agus ainmníodh é do ‘Nuascríbhneoir na Bliana’ ag Gradam Leabhar na hÉireann. I measc foilseachán eile, bhí a shaothar le feiceáil in The Stinging Fly, Southword, Granta, Winter Papers, The Dublin ReviewTate Etc, The Guardian, The Irish TimesArchitecture Ireland agus The Big Issue. Tá sé ina eagarthóir ar an iris The Stinging Fly, ó mhí na Nollag 2018.