San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
ilDÁNA 2020 / 2021
Próiseis comhairliúcháin phoiblí maidir le Beartas Náisiúnta nua ar Ailtireacht.
Faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2020
Bailiúchán na Comhairle Ealaíon
Tionól Ginearálta Aosdána
Tabhair Leat do Láinnéar Féin an 14 Feabhra. Comhdháil ‘Change Makers’
Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2020 DC
Comhráití na hOíche Cultúir
Téacs Nuachtlitreach
Seoladh RAISE Céim 2 - glao ar léirithe spéise
Deontais agus Dámhachtainí
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta, Déardaoin, an 30 Eanáir 2020
Scoileanna Ildánacha - Mí Eanáir 2020
Scéim Ensembles na nÓg 2020
Nuacht ón bPobal
Spriocdháta: Scéim Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Cultúir na hEorpa 2020
Tionscadail Chomhoibrithe Cultúir sna Balcáin Thiar 2019
Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht
Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht
Scoileanna Ildánacha - Mí Eanáir 2020

Scoileanna Ildánacha – ag cur fáilte roimh iarratais ó scoileanna as gach cearn den tír

Tá ríméad ar Scoileanna Ildánacha a fhógairt go mbeidh scoileanna in ann iarratas a dhéanamh ar an togra ón 18 Feabhra go dtí 17:30, Déardaoin, 19 Márta 2020.  

Beidh tuilleadh faisnéise ar phróiseas iarratais na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo go luath in 2020. Ní mór na hiarratais a chur isteach ar líne agus moltar do scoileanna clárú roimh ré.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Tacóidh sé le scoileanna a bplean féin dá Scoil Ildánach a fhorbairt agus tosú á chur i bhfeidhm. Rachaidh na scoileanna rannpháirteacha i mbun comhoibre le Comhlach Cruthaitheach chun a rannpháirtíocht sna healaíona a thuiscint, a fhorbairt agus a cheiliúradh. Mar thoradh air sin, beidh siad in ann an dóigh a n-oibríonn siad a athrú ar mhórán bealaí. Bainfidh siad sochar as an réimse acmhainní ina scoil agus ina bpobal i gcoitinne; déanfaidh siad bealaí nua oibre a fhorbairt a neartóidh an tionchar atá ag an gcruthaitheacht ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar leas na scoláirí. Cinnteoidh scoileanna go mbeidh ról lárnach ag leanaí agus daoine óga sa phróiseas seo ag úsáid Shamhail Lundy mar dhea-chleachtas.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil - de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun iarratas a dhéanamh.

Beidh 150 scoil nua as gach cearn den tír rannpháirteach sa tionscnamh i mbliana.  Gheobhaidh na scoileanna rannpháirteacha pacáiste tacaíochta gach bliain lena n-áirítear oiliúint, suas le naoi lá tacaíochta ó Chomhlach Cruthaitheach agus deontas €2,000 chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm in 2020-21. Táthar go súil go bhfanfaidh scoileanna rathúla sa chlár ar feadh dhá scoilbhliain.

 

Comhlaigh Chruthaitheacha – Comhlaigh Chruthaitheacha nua le hearcú.

Cuirfidh an Chomhairle Ealaíon tairiscint ar phainéal Comhlach Cruthaitheach isteach go luath in 2020 chun tacú le Scoileanna Ildánacha a sheachadadh don bhliain acadúil 2020-21 ar aghaidh. Coinnigh súil ar ár suíomh gréasáin agus ár nuachtlitir i gcomhair nuashonruithe. Foilseoidh an Chomhairle Ealaíon tuilleadh faisnéise anseo i mí Eanáir 2020.

Is deis iontach é seo le haghaidh ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus daoine aonair atá ag obair in eagraíochtaí in earnáil na n-ealaíon agus san earnáil chultúrtha.

Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.