San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon.
Nuacht na míosa seo
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon tionscnamh nua maidir le bealaí a spreagfaidh an pobal a bheith rannpháirteach san ailtireacht: An Ailtireacht a Leathnú
Seiceáil Ealaíon agus Sláinte, Seiceáil Isteach – an 29 Eanáir 2016, Baile Átha Cliath
Naisc Chruthaitheacha – Comhrá agus Taispeántas um na hEalaíona agus Míchumas
Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2016
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon: Spriocdhátaí 2016
Scéim Ensembles na nÓg 2016
Dámhachtain Deis: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 18 Feabhra 2016
An Dámhachtain Coimisiún: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 18 Feabhra 2016
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30 pm Déardaoin, an 03 Márta 2016
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
Heritage in Motion
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30 pm Déardaoin, an 03 Márta 2016

Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon na dámhachtainí Tionscadail seo a leanas a thairiscint. Trí na Dámhachtainí Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon, tacaítear le gníomhaíochtaí tionscadail ar leith maidir le gach foirm ealaíne agus gach cleachtas ealaíon thuas.

  • Dámhachtain do Thionscadal Rannpháirtíochta sna hEalaíona
  • Dámhachtain do Thionscadal Sorcais
  • Dámhachtain do Thionscadal Damhsa
  • Dámhachtain do Thionscadal Scannáin
  • Dámhachtain do Thionscadal Ceoil
  • Dámhachtain do Thionscadal Sráidealaíon agus Seónna
  • Dámhachtain do Thionscadal Téatair


Is féidir na treoirlínte dámhachtana do gach dámhachtain a íoslódáil ón rannán maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.

Is é an spriocdháta maidir le gach ceann de na dámhachtainí thuas ná5.30 pm Déardaoin, an 03 Márta 2016. Ní ghlacfar le hiarratais ach arshuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon agus ní mór an t-ábhar tacaíochta ar fad a sheoladh isteach ar líne. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad iarratas. D’fhéadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula ndearbhófar do chuid clárúchán, mar sin tá sé an-tábhachtach go gclárófá chomh luath agus is féidir.


Cuirimid nuashonruithe agus cabhair ar fáil anois maidir le seirbhísí ar líne a úsáid trínár leathanach Facebook nua. Tá fáilte romhat teachtaireacht a sheoladh chugainn tríd an leathanach má theastaíonn cúnamh uait le seirbhísí ar líne agus iarratas á dhéanamh agat ar Dhámhachtain Tionscadail: https://www.facebook.com/artscouncilireland


Tá na dámhachtainí oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí. Ní bheidh eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi aon cheann de phríomhchláir deontais na Comhairle Ealaíon (Eagraíochtaí a Mhaoinítear Go Rialta, Maoiniú Bliantúil, Deontas le haghaidh Clár Bliantúil) i dteideal cur isteach ar na dámhachtainí, áfach.

Email Software by Newsweaver