Fáilte go heagrán mhí Mhárta dár Nuachtlitir
 |
Lá mór a bhí ann don chomhpháirtíocht 30 bliain atá ag an gComhairle Ealaíon le húdaráis phoiblí ar an Déardaoin, an 18 Feabhra, nuair a d’fhógraíomar comhaontú nua, Creatlach don Chomhoibriú idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach.
Ba shamhail den scoth de chomhlachtaí na seirbhíse poiblí ag obair go héifeachtach le chéile a bhí inár gcomhpháirtíocht 30 bliain leis an rialtas áitiúil, agus leanfar den chomhpháirtíocht sin agus cuirfear léi nuair a sheolfar an comhaontú nua deich mbliana seo. Feidhmíonn gach ceann de na comhairlí cathrach agus contae sa tír Seirbhís Ealaíon, a fhreagraíonn do riachtanais maidir le forbairt na n-ealaíon go háitiúil agus a nascann le beartas náisiúnta trí chaidreamh leis an gComhairle Ealaíon. Tá athchóiriú mór déanta ar an rialtas áitiúil in Éirinn le deich mbliana anuas agus é bailithe trí phróiseas nuachóirithe agus tá na healaíona agus an cultúr leabaithe go daingean laistigh den phróiseas sin.
Cuireann an comhaontú seo ar ár gcumas cur chuige níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt maidir leis na healaíona a mhaoiniú, bunaithe ar na príomh-phrionsabail a bhaineann le forbairt na n-ealaíon, rannpháirtíocht an phobail agus pleanáil spásúlachta. Tabharfaidh sé deis dúinn sprioc-thorthaí a leagan síos áit a mbeimid in ann tionchar an chaidrimh sin a thomhas agus leibhéil mhéadaithe rannpháirtíochta poiblí a fheiceáil.
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta go daingean don chomhaontú seo agus tá sé sin fréamhaithe go láidir inár straitéis nua Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh áit ina bhfuil ár gcomhpháirtíocht leis an rialtas áitiúil leabaithe ar fud na straitéise, ar fud na ngníomhaíochtaí agus na gcuspóirí uile inti.
Le cúpla bliain anuas táimid dírithe ar ár gcomhpháirtíocht leis an rialtas áitiúil a dhéanamh níos straitéisí ionas go mbainfidh gach duine tairbhe as. Féachaimid ar ár gcomhpháirtithe sa rialtas áitiúil mar an maoinitheoir agus an forbróir eile is tábhachtaí do na healaíona in Éirinn. Táimid ag iarraidh díriú anois ar a chinntiú go múnlófar treo na n-ealaíon sa todhchaí leis na cineálacha smaointeoireachta, pleanála agus iompraíochtaí bainistíochta a dhéanfaidh, go haontaobhach nó i gcomhpháirtíocht, an freastal is fearr orainn trí dhul i ngleic le ceisteanna coiteann a bhíonn ag dó na geirbe dúinn, mar atá sonraithe sa chomhaontú nua seo.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
An Stiúrthóir
 |
|