San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán na Nollag dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Meantóireacht Chruthaitheach i gcomhair Féilte
Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an ngairm ar ‘oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe’
Deontais agus Dámhachtainí
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m. Déardaoin, an 25 Eanáir 2018
Athruithe ar Mhaoiniú do na hEalaíona Traidisiúnta in 2018
Dámhachtainí Tionscadail – spriocdháta 5.30pm, Déardaoin an 15 Feabhra 2018
Maoiniú Deontais do na hEalaíona – spriocdháta 8 Márta 2018
Nuacht ón bPobal
Gradam Comharcheoil: ‘Concert’ arna chruthú ag Colin Dunne le Sinéad Rushe agus Mel Mercier
Garraí an Ghiorria faoi lán seoil Ag síolrú agus ag spreagadh na drámaíochta Gaeilge
Cuirfidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Oíche Fhada an Ghearrscéil i láthair
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Tacaíocht do Thionscadail Chomhair Eorpacha 2018
Glaoch ar iarratais: Oiliúint do Bhainisteoirí Cultúrtha
Sracfhéachaint ar Thionscadal Comhair 2017 anseo in Éirinn
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon buaiteoirí Dhámhachtain Cómhaoinithe na hEorpa Cruthaithí 2017
An chéad spriocdháta eile i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta – 5.30 p.m. Déardaoin, an 25 Eanáir 2018

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 25 Eanáir 2018.

 

Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 19 Nollaig 2017.

 

Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:

  • Ailtireacht
  • Sorcas
  • Damhsa
  • Scannán
  • Litríocht (Béarla)
  • Ceol
  • Ceoldrámaíocht
  • Sráidealaín & Seónna
  • Amharclannaíocht
  • Na hAmharc-ealaíona

Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.

 

Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa chuid maoiniú atá ar fáil dár suíomh gréasáin.

 

Tabhair faoi deara

 

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.