San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Treoirlínte Rannpháirtíochta Pobail do na Meáin Shóisialta de chuid na Comhairle Ealaíon
Gairm ar iarratais ar phoist mar Scríbhneoir Cónaithe in ollscoileanna na hÉireann in 2021
Reáchtálfaidh foireann na bhFéilte dhá chlinic fhíorúla don Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne i mí Dheireadh Fómhair 2020.
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE IN UCC - Gairm ar iarratais
Comhairleoirí taighde ceaptha don Oíche Chultúir
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Nuacht ón bPobal
Iarratais á lorg ó phíobairí agus ó chruitirí do Bhonn Óir Seán Ó Riada
Open House Dublin - The Extraordinary Ordinary Ar líne + Ar an Láthair, 8–11 Deireadh Fómhair 2020
Coimisiún Ceoil Chomhairle Contae Ros Comáin 2020/2021
EALAÍONTÓIR SCANNÁN CÓNAITHE IN UCC - Gairm ar iarratais

Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, lonnaithe i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclainne, deis uathúil a chur ar fáil d’Ealaíontóir Scannán a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.

Fostófar an tEalaíontóir Scannán Cónaithe don bhliain féilire 2021 agus beidh sé nó sí lonnaithe i Roinn na Scannánaíochta agus na Meán Scáileáin ag UCC.

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon anseo. (nasc le teacht). 

Ba cheart iarratais a sheoladh chuig filmartist@ucc.ie faoi 5.30 p.m., Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020. Ní ghlacfar ach le hiarratais i ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta sin.