Bliain Iubhaile ab ea 2012 ag an gComhairle Ealaíon agus í ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód. Ní féidir scéal na n-ealaíon in Éirinn i rith an ama sin a insint gan tagairt a dhéanamh don Chomhairle agus do na hathruithe a tharla, do na húdair díomá a bhí ann agus dá bhfuil bainte amach ag an gComhairle i rith an ama sin. Ós rud é gur cruthaitheoirí agus spreagthóirí iad ealaíontóirí cuireann siad i gcuimhne dúinn agus muid ag dul i ngleic le saothar go bhfuil gach duine againn ag cruthú arís as an nua. Is féidir a rá faoi gach saothar ealaíne gur gné amháin d’athrú é agus gur bealach éagsúil é le rudaí a fheiceáil agus smaoineamh a dhéanamh.
Bhí a céad chruinniú ag an gcéad Chomhairle Ealaíon in 1952. I mí Feabhra 2012 chuireamar fáilte roimh an Uachtarán Michael D. Higgins agus é i mbun ceann de na céad choinní poiblí a bhí aige. Ina aitheasc tionscnaimh chuir an tUachtarán dúshlán fúinn breathnú isteach sa solas nó Into the Light faoi mar a dúirt sé. Tá na focail sin a dúirt sé glactha againn mar theideal ar shraith 4 thaispeántas a bheidh mar bhuaic againn agus muid ag comóradh 60 bliain ar an bhfód.
Chuireamar tús i mbliana leis an tionscadal Raise. Tionscnamh daonchairdis agus tiomsaithe airgid is ea é agus tá sé á reáchtáil ar bhun píolótach ag 8 n-eagraíocht ar fud na tíre. Glacfaidh an Chomhairle Ealaíon freagracht chuici féin ar bhealach eile sa tionscnamh seo agus tabharfaidh sí tacaíocht don earnáil ar bhealach difriúil chomh maith. Tá laghdú tagtha ar mhaoiniú agus seachas glacadh leis an scéal go héighníomhach táimid ag iniúchadh bealaí le féachaint conas is féidir linn modhanna nua a fháil le tacaíocht a thabhairt do na healaíona agus do na heagraíochtaí a ndearnamar infheistiú iontu i gcaitheamh na mblianta.
Leanaimid orainn ag déanamh abhcóideachta ar son na n-ealaíon agus níorbh aon eisceacht í 2012 sa mhéid sin. Is iomaí modh a bhíonn mar bhonn lenár n-abhcóideacht agus is iomaí dealramh a bhíonn uirthi. Ach is iad na habhcóidí is mó atá againn ná na heagraíochtaí a dtugaimid maoiniú dóibh trí chláir athfhillteacha agus trí chláir aonuaire araon – ó fhéile bheag i Liatroim nó Lú go camchuairteanna náisiúnta ó leithéidí an Druid Theatre Company nó Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann. Is tríd an obair sin a léirítear saibhreas an chleachtais ealaíon ar fud na hÉireann.
Lena chois sin, ceapadh dara Laureate na nÓg, Niamh Sharkey, in 2012. Léirítear leis an gceapachán sin tiomantas tábhachtach do dhaoine óga agus don litríocht. Tá áthas orainn freisin gur clár Uile-Éireann anois é agus é á reáchtáil againn i gcomhar lenár gcomhpháirtithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Bealach beag éifeachtach é seo chun leanaí agus daoine óga a mhealladh le bheith rannpháirteach sna healaíona ó bhlianta a luathóige.
Táimid ag druidim le deireadh na bliana 2012 anois agus táimid ag ullmhú don Athbhliain. Tá an Chomhairle ag díriú a haigne go dian ar chinntí maoinithe don bhliain 2013. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de na dúshláin atá le sárú ag an earnáil a bhfuilimid ann le freastal uirthi. Ach fiú má tá deacrachtaí móra ann, táimid ag fógairt na fírinne arís is arís eile gur bunriachtanas í an ealaín. Glacfaidh Éire Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh arís ar an 1 Eanáir 2013. Is ceart agus is cóir go dtabharfaidh ealaín na tíre léiriú tábhachtach ar Uachtaránacht na hÉireann agus ar fhéiniúlacht na hÉireann.