San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Sealbhuithe nua na Comhairle Ealaíon – 2021
Taispeántais ina gcuirfear Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ar taispeáint agus a bheidh ar siúl i Samhradh & i bhFómhar 2021
Treoirlínte COVID-19 le haghaidh Cur i láthair Sábháilte Féilte agus Imeachtaí Beo.
Forbairt Bheartas nua na Comhairle Ealaíon maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Uirlisí Digiteacha do na hEalaíona
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon
Clinicí Amharclannaíochta atá le Teacht
Treoirlínte maidir le COVID-19 le haghaidh Daoine Óga, Leanaí agus an Oideachais
Deontais agus Dámhachtainí
Scéim Infheistíochta na bhFéilte 2022 Babhta 1
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht – spriocdháta 17:30, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Scéim Tacaíochta Forbartha Acmhainne
Maoiniú d’Ionaid Ealaíon 2022
Spriocdháta: Maoiniú Straitéiseach 2022
Spriocdháta: Dámhachtainí Tionscadail, Déardaoin, an 19 Lúnasa 2021
Nuacht ón bPobal
Breac síos an Dáta!
Athnuachan Lógó na Comhairle Ealaíon

Tá athnuachan beag déanta ar lógó na Comhairle Ealaíon, a dearadh don chéad uair beagnach fiche bliain ó shin, is chun soléiteacht a fheabhsú agus chun é a chur in oiriúint le haghaidh léiriú digiteach agus i gcló a rinneadh é seo.

 

Tá clófhoireann Patron, cló i stíl sans-serif grotesque, á húsáid anois in áit Frutiger a bhí mar bhunchló ag an gComhairle Ealaíon, roghnaíodh an cló nua de bharr na gcuar deiridh uilleach agus de bharr na línte gan smál atá ann. 

Tá an cló nua seo á úsáid i lógónna maoinithe na Comhairle Ealaíon chomh maith anois, áit ina bhfuil leagan stionsail de chló Patreon á úsáid. Feabhsaíodh agus dearadh sraith lógónna maoinithe nua le haghaidh gach cuid de na healaíona, sa tslí agus go mbeidh siad oiriúnach ar aon chúlra, mar ghrafaicí cothroma agus beoite araon, de réir mar is cuí.Is féidir iad a chur i láthair le haon dath, de réir mar a roghnaíonn an dearthóir.

 

Tá comhaid uile na lógónna agus treoirlínte ina dteannta ar fáil le híoslódáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.