The Arts Council Website
San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go nuachtlitir mhí an Mheithimh
Nuacht na míosa seo
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Soláthar Comhairleoirí Ealaíon
Clinic Faisnéise go luath le haghaidh Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects
Tremble Tremble Taispeántas le Jesse Jones
Dínit agus Ómós ag an Obair
Deontais agus Dámhachtainí
Babhta nua ilDÁNA fógartha
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2018, Babhta 2, 2018, lena n-áirítear Sraith 1 (Amharc-ealaíontóirí) agus Sraith 2 (Coimeádaithe).
Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2018
Réamhfhógra maidir le tionscnamh nua scannán, Authored Works, agus Reel Art 2018
Nuacht ón bPobal
Carriage Return: Saothar Nua le Julie Merriman
Ánracht Filíochta Idirnáisiúnta John Montague
Arts Council RSS
Cartlann
Déan Teagmháil linn

Spriocdháta le haghaidh nuachta agus tuairimí Dé hAoine 29 Meitheamh

.

.

editor@artscouncil.ie

Liostáil

 

Liostáil

Nascanna Úsáideacha

Comhairle Ealaíon Leathanach baile

Foireann na Comhairle Ealaíon

Baill na Comhairle Ealaíon

cinntí déanaí

Nuacht na míosa seo
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe

Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 17 Lúnasa 2018 (6pm) Scoil: An Scoil Cheoil agus Amharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.



Léigh a thuilleadh >>




Soláthar Comhairleoirí Ealaíon

Tá seirbhísí roinnt Comhairleoirí Ealaíon á bhfáil ag an gComhairle Ealaíon chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh cáilíochta agus seachadadh seirbhíse de. Is iad seo a leanas na réimsí ealaíne lena mbaineann sé sin: Litríocht (Gaeilge), Rannpháirtíocht sna hEalaíona agus na hAmharc-ealaíona (Eagraíochtaí).



Léigh a thuilleadh >>




Clinic Faisnéise go luath le haghaidh Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas

Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró do Leanaí, seisiún faisnéise maidir le Dámhachtain Sparánachta Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO) ar an 19 Meitheamh 2018 ón 1.30 - 4pm i Stiúideo Amharclann Halla na Cathrach, Cearnóg Theach na Cúirte, Gaillimh.



Léigh a thuilleadh >>




Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Grafton Architects

Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Grafton Architects ar oscailt FREESPACE, 16ú Biennale Ailtireachta na Veinéise 2018, a mbeidh réamhamharc de le feiceáil Déardaoin an 24 Bealtaine 2018, i Veinéis na hIodáile.



Léigh a thuilleadh >>




Tremble Tremble Taispeántas le Jesse Jones

Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go n-osclófar Tremble Tremble ag an Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath ag tosú ar an Déardaoin, an 8 Meitheamh 2018.

 

Seo é an cur i láthair náisiúnta de Phailliún na hÉireann ag 57ú Biennale na Veinéise, 2017, a bhfuil tacaíocht aici ón gComhairle Ealaíon.



Léigh a thuilleadh >>




Dínit agus Ómós ag an Obair

Cáipéisí acmhainne chun tacú le daoine aonair agus eagraíochtaí ealaíne chun beartas agus nósanna imeachta maidir le Dínit agus Ómós ag an Obair a fhorbairt agus a athbhreithniú.  



Léigh a thuilleadh >>

Deontais agus Dámhachtainí
Babhta nua ilDÁNA fógartha

Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann chun oibriú i gcomhar le TG4 agus an Chomhairle Ealaíon mar chomhpháirtí ar an mbabhta nua ilDÁNA 2018.  



Léigh a thuilleadh >>




Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Dámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2018, Babhta 2, 2018, lena n-áirítear Sraith 1 (Amharc-ealaíontóirí) agus Sraith 2 (Coimeádaithe).

Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Sparánachta na nAmharc-ealaíon, 2018, Babhta 2 ón 12 Meitheamh 2018. Is é 5.30 pm, Déardaoin, 12 Iúil 2018 an spriocdháta don scéim.



Léigh a thuilleadh >>




Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2018

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 12 Iúil 2018 ar 5.30pm



Léigh a thuilleadh >>




Réamhfhógra maidir le tionscnamh nua scannán, Authored Works, agus Reel Art 2018

Authored Works

Mar chuid dá beartas nua, tá an Chomhairle Ealaíon ag tabhairt isteach tionscnamh nua scannán, Authored Works, chun tacú le déanamh scannán faoi threoir ealaíontóra le taispeáint sa phictiúrlann.

 

Reel Art

Freisin, mar chuid dá beartas nua scannán, méadófar buiséad scéim chlár faisnéis ealaíon na Comhairle Ealaíon atá ar siúl le fada, Reel Art.



Léigh a thuilleadh >>

Nuacht ón bPobal
Carriage Return: Saothar Nua le Julie Merriman

Osclóidh an taispeántas ar an Aoine an 8 Meitheamh go dtí an Domhnach an 22 Iúil 2018 ag an Municipal Gallery, dlr Lexicon, Dún Laoghaire. 



Léigh a thuilleadh >>




Ánracht Filíochta Idirnáisiúnta John Montague

Tá áthas ar Ionad Litríochta an Deiscirt tionscnamh a fhógairt atá dírithe ar dhul chun tairbhe filí: Ánracht Filíochta Idirnáisiúnta John Montague. Táthar in ann an ánracht a bhronnadh a bhuí d’urraíocht an-fhlaithiúil ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tugann an ánracht aitheantas don áit speisialta atá ag an bhfilíocht i stair chultúrtha agus i gcleachtas comhaimseartha Chathair Chorcaí. Óstálann Ionad Litríochta an Deiscirt an fhéile filíochta bhliantúil is mó in Éirinn.



Léigh a thuilleadh >>